4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe an t-eintiteas faoi oibleagáid ar an eolas laistigh de dhá sheachtain ón bhfógra a fháil faoi mhír 2, pointe (b), go ndéanfaidh sé maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na ngníomhairí, na ndáileoirí nó na gcineálacha eile bonneagair trína n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile, agus faoi aon athrú ina dhiaidh sin ar a maoirseacht.