+Airteagal 38 Maoirseacht ar chineálacha bonneagair de chuid idirghabhálaithe áirithe a oibríonn faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar
---+Airteagal 38 1
---+Airteagal 38 2
---+Airteagal 38 3
---+Airteagal 38 4
---+Airteagal 38 5
|
Airteagal 38 Maoirseacht ar chineálacha bonneagair de chuid idirghabhálaithe áirithe a oibríonn faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38 1
|
1. I gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí na n-eintiteas faoi oibleagáid seo a leanas ina gcríoch faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar trí ghníomhairí nó dáileoirí, nó trí chineálacha eile bonneagair, lena n-áirítear nuair a dhéantar na gníomhaíochtaí sin faoi údarú a fuarthas faoi Threoir 2013/36/AE, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin faoi réir mhaoirseacht a maoirseoirí náisiúnta:
|
(a)
|
eisitheoirí ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42);
|
|
(b)
|
soláthraithe seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4, pointe (11), de Threoir (AE) 2015/2366 agus
|
|
(c)
|
soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.
|
Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh maoirseoirí an Bhallstáit ina ndéantar na gníomhaíochtaí faireachán éifeachtach agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar Rialacháin (AE) 2024/1624 agus (AE) 2023/1113.
|
|
Airteagal 38 2
|
2. De mhaolú ar mhír 1, déanfaidh maoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe maoirseacht ar na gníomhairí, na dáileoirí nó na cineálacha eile bonneagair dá dtagraítear sa mhír sin sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
comhlíontar na critéir a leagtar amach sa chaighdeán teicniúil rialála dá dtagraítear in Airteagal 41(2); agus
|
|
(b)
|
tugann maoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil na gníomhairí, na dáileoirí nó na cineálacha eile bonneagair lonnaithe fógra do mhaoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe, i bhfianaise a theoranta atá bonneagar an eintitis ina chríoch, go bhfuil maoirseacht ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 le déanamh ag maoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe.
|
|
|
Airteagal 38 3
|
3. Chun críocha an Airteagail seo, soláthróidh maoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe agus maoirseoir an Bhallstáit ina n-oibríonn an t-eintiteas faoi oibleagáid faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar trí ghníomhairí nó dáileoirí nó trí chineálacha eile bonneagair aon fhaisnéis dá chéile is gá chun a mheas an gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), lena n-áirítear maidir le haon athrú ar imthosca an eintitis faoi oibleagáid a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar shásamh na gcritéar sin.
|
|
Airteagal 38 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoir an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe an t-eintiteas faoi oibleagáid ar an eolas laistigh de dhá sheachtain ón bhfógra a fháil faoi mhír 2, pointe (b), go ndéanfaidh sé maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na ngníomhairí, na ndáileoirí nó na gcineálacha eile bonneagair trína n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile, agus faoi aon athrú ina dhiaidh sin ar a maoirseacht.
|
|
Airteagal 38 5
|
5. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo nuair a ghníomhaíonn AMLA mar mhaoirseoir.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|