1. Chun críocha Airteagal 37(1) agus Airteagal 38(1), féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eisitheoirí ríomh-airgid, soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn bunaíochtaí ina gcríoch seachas fochuideachta nó brainse, nó a oibríonn ina gcríoch trí ghníomhairí nó dáileoirí, nó trí chineálacha eile bonneagair, faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, pointe teagmhála lárnach a cheapadh ina gcríoch. Áiritheoidh an pointe teagmhála lárnach sin, thar ceann an eintitis faoi oibleagáid, go gcomhlíonfar rialacha AML/CFT agus éascóidh sé an mhaoirseacht arna déanamh ag maoirseoirí, lena n-áirítear trí dhoiciméid agus faisnéis a sholáthar do mhaoirseoirí arna iarraidh sin dóibh.