2. Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad chun go nglacfaí iad. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, leagfar amach na critéir lena gcinnfear na himthosca inarb iomchuí pointe teagmhála lárnach a cheapadh de bhun mhír 1, mar aon leis na feidhmeanna ba cheart a bheith ag na pointí teagmhála lárnacha.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.