1. I gcás institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais ar cuid de ghrúpa iad, áiritheoidh na Ballstáit, chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 37(1), go n-oibreoidh maoirseoirí airgeadais an Bhallstáit baile agus maoirseoirí airgeadais an Bhallstáit óstaigh i gcomhar le chéile a mhéid is mó is féidir, gan beann ar a gcineál nó ar a stádas faoi seach. Oibreoidh siad i gcomhar freisin le AMLA nuair a fheidhmíonn sé feidhmeanna maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2024/....