4. Faoin .10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad lena nglacadh. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin dualgais na maoirseoirí baile agus na maoirseoirí óstacha faoi seach agus módúlachtaí an chomhair atá eatarthu.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.