8. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go gcuirfí coláistí maoirseachta AML/CFT ar bun i gcás ina bhfuil bunaíochtaí bunaithe in dhá thríú tír ar a laghad ag institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais atá bunaithe san Aontas. Féadfaidh maoirseoirí airgeadais iarraidh ar a gcontrapháirtithe sna tríú tíortha sin an coláiste a chur ar bun. Bunóidh na maoirseoirí airgeadais atá rannpháirteach sa choláiste comhaontú i scríbhinn ina mbeidh mionsonraí ar na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise.