1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gcuid maoirseoirí agus, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála agus iad ag feidhmiú a bhfeidhmeanna, AMLA a chur ar an eolas faoi na smachtbhannaí airgid uile arna bhforchur agus na bearta riaracháin uile arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Roinn seo, lena n-áirítear faoi aon achomharc i ndáil leis agus toradh an achomhairc sin. Déanfar an fhaisnéis sin a chomhroinnt le maoirseoirí eile freisin nuair a bhaineann an smachtbhanna airgid nó an beart riaracháin le heintiteas atá ag oibriú in dhá Bhallstát nó níos mó.