1. Maidir le maoirseoirí atá i gceannas ar iniúchóirí agus, i gcás inarb ábhartha, údaráis phoiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála de bhun Chaibidil IV den Treoir seo, a nAonad um Fhaisnéis Airgeadais agus na húdaráis phoiblí atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta de bhun Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45) agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46), áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh siad i ndlúthchomhar le chéile laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach agus go ndéanfaidh siad faisnéis a chur ar fáil dá chéile atá ábhartha chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh.
Is chun feidhmiú a bhfeidhmeanna laistigh de raon feidhme na Treorach seo nó na ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin, agus chuige sin amháin, a úsáidfidh na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír faisnéis rúnda a mhalartófar de bhun an Airteagail seo.