2. Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt faisnéis áirithe a nochtadh d’údaráis náisiúnta eile atá freagrach le dlí as maoirseacht a dhéanamh ar na margaí airgeadais, nó a bhfuil freagrachtaí ainmnithe acu i réimse chomhrac nó imscrúdú an sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Ní bheidh ceanglais na rúndachta gairmiúla a leagtar síos in Airteagal 67(1) agus (3) ina mbac ar an nochtadh sin.
Mar sin féin, ní bhainfear feidhm as an bhfaisnéis rúnda a mhalartófar de bhun na míre seo ach amháin chun cúraimí dlí na n-údarás lena mbaineann a chomhlíonadh. Beidh daoine a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis sin faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 67(1).