1. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 10 Iúil 2027. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 74 a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 10 Iúil 2025, chun Airteagail 11, 12, 13 agus 15 a chomhlíonadh faoin 10 Iúil 2026 agus chun Airteagal 18 a chomhlíonadh faoin 10 Iúil 2029. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear sa mhír seo, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos na modhanna chun tagairt den sórt sin a dhéanamh.