+Preamble: 1
|
Preamble: 1
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(1) de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/2332 ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais a shainaithint mar réimse coireachta a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 1 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Chun cur i bhfeidhm éifeachtach bhearta sriantacha de chuid an Aontais agus sláine an mhargaidh inmheánaigh laistigh den Aontas a áirithiú, agus chun ardleibhéal slándála a bhaint amach laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais, is gá rialacha íosta a bhunú maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i leith sárú ar bhearta sriantacha sin an Aontais.
|
|
(2)
|
Bearta sriantacha de chuid an Aontais, amhail bearta a bhaineann le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo, toirmisc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil agus toirmisc ar theacht isteach i gcríoch Bhallstáit, nó ar idirthuras trí chríoch Bhallstáit, chomh maith le bearta eacnamaíocha agus airgeadais earnála agus trádbhaic arm, is uirlis fhíor-riachtanach iad na bearta sin chun cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES), mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), a chur chun cinn. Áirítear ar na cuspóirí sin luachanna, slándáil, neamhspleáchas agus ionracas an Aontais a chosaint, an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo agus an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le haidhmeanna agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.
|
|
(3)
|
Chun cur i bhfeidhm éifeachtach bhearta sriantacha de chuid an Aontais a áirithiú, is gá go mbeidh pionóis choiriúla agus neamhchoiriúla éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i bhfeidhm ag na Ballstáit i leith sárú ar bhearta sriantacha sin an Aontais, lena n-áirítear oibleagáidí, amhail oibleagáidí tuairiscithe, a bhunaítear leo. Is gá freisin go dtabharfar aghaidh leis na pionóis sin ar imchéimniú bhearta sriantacha de chuid an Aontais.
|
|
(4)
|
Chun bearta sriantacha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm go héifeachtach, tá gá le rialacha íosta coiteanna maidir le hiompraíocht choiriúil a shainiú lena sáraítear bearta sriantacha de chuid an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur cion coiriúil í an iompraíocht sin i gcás ina ndéantar d’aon ghnó í agus ina ndéantar í de shárú ar thoirmeasc nó ar oibleagáid arb ionann é nó í agus beart sriantach de chuid an Aontais nó a leagtar amach i bhforáil náisiúnta lena gcuirtear beart sriantach de chuid an Aontais chun feidhme, i gcás ina bhfuil gá le cur chun feidhme náisiúnta an bhirt sin. Ba cheart iompraíocht áirithe a bheith ina cion coiriúil freisin má dhéantar í le faillí thromchúiseach. Maidir leis na cionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo, ba cheart an coincheap ‘faillí thromchúiseach’ a léirmhíniú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur i gcuntas. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh nach cionta coiriúla iad sáruithe ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais lena mbaineann cistí, acmhainní eacnamaíocha, earraí, seirbhísí, idirbhearta nó gníomhaíochtaí ar lú a luach ná EUR 10 000. Ní dhéanann eisiamh sáruithe áirithe ó raon feidhme na Treorach seo difear d’aon oibleagáidí a leagtar síos i ngníomhartha ina leagtar amach bearta sriantacha de chuid an Aontais chun a áirithiú go mbeidh sáruithe inphionóis le pionóis choiriúla nó neamhchóiriúla a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
|
|
(5)
|
Is féidir le gníomhartha lena leagtar amach bearta sriantacha de chuid an Aontais foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ó na toirmisc a leagtar síos iontu i bhfoirm díolúintí nó maoluithe. Ní féidir iompraíocht a chumhdaítear le díolúine dá bhforáiltear i ngníomh lena leagtar amach bearta sriantacha de chuid an Aontais nó atá údaraithe ag údaráis inniúla na mBallstát trí mhaolú i gcomhréir leis na gníomhartha lena leagtar amach bearta sriantacha de chuid an Aontais a mheas mar shárú ar bheart sriantach de chuid an Aontais.
|
|
(6)
|
Go háirithe, chun bearta sriantacha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm go héifeachtach, tá gá le rialacha íosta coiteanna maidir le sáruithe ar bhearta ina gcuimsítear cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo mar a leagtar síos sna Rialacháin ábhartha ón gComhairle. Áirítear ar na bearta sin toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá faoi réir bearta ina gcuimsítear cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo nó chun tairbhe na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin, chomh maith leis an oibleagáid na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar leis na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí céanna iad, atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó á rialú acu a reo.
|
|
(7)
|
Áirítear ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais srianta ar ligean isteach (toirmisc thaistil) ar cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo. Le bearta den sórt sin, a leagtar síos de ghnáth i gCinneadh ón gComhairle arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 29 CAE agus a chuirtear chun feidhme trí bhíthin an dlí náisiúnta, ceanglaítear ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun teacht isteach na ndaoine ainmnithe ar gach crios de chríoch Bhallstáit nó idirthuras a dhéanamh trí na criosanna sin, a chosc.
|
|
(8)
|
Moltar do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na sásraí chun náisiúntacht agus cónaí a dheonú, chun cosc a chur ar dhaoine aonair atá faoi réir bhearta sriantacha de chuid an Aontais na sásraí sin a úsáid chun bearta sriantacha sin an Aontais a shárú.
|
|
(9)
|
Má dhéantar aon chineál idirbhirt, nó má leantar d’aon chineál idirbhirt, lena n-áirítear idirbhearta airgeadais, chomh maith le haon chonradh poiblí nó aon chonradh lamháltais a thagann faoi raon feidhme Threoracha 2009/81/CE (4), 2014/23/AE (5), 2014/24/AE (6), nó 2014/25/AE (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a dhámhachtain nó a fhorghníomhú go leanúnach, le tríú Stát, le comhlachtaí tríú Stát nó le heintitis agus comhlachtaí atá faoi úinéireacht nó rialú díreach nó indíreach tríú Stát nó comhlachtaí tríú Stát, ba cheart é sin a bheith ina chion coiriúil, i gcás inar beart sriantach de chuid an Aontais é an toirmeasc nó an srian ar an iompraíocht sin.
|
|
(10)
|
Áirítear ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais an toirmeasc ar earraí nó seirbhísí a thrádáil, a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol, a cheannach, a aistriú, a chur faoi bhealach nó a iompar. Ba cheart sárú ar thoirmisc den sórt sin a bheith ina chion coiriúil, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar na hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú ó thríú tír nó chuig tríú tír ionas go n-aistreofar iad chuig ceann scríbe ina bhfuil an toirmeasc ar na hearraí sin a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol, a cheannach, a aistriú, a chur faoi bhealach nó a iompar ina bheart sriantach de chuid an Aontais. Ba cheart soláthar cúnaimh theicniúil, seirbhísí bróicéireachta, árachais agus aon seirbhíse eile a bhaineann leis na hearraí nó leis na seirbhísí sin, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, a bheith ina chion coiriúil freisin. Chun na críche sin, áirítear leis an gcoincheap ‘earraí’ rudaí, amhail teicneolaíocht mhíleata agus trealamh míleata, earraí, bogearraí agus teicneolaíocht, a áirítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh a ghlac an Chomhairle an 20 Feabhra 2023 (8) nó a liostaítear in Iarscríbhinní I agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).
|
|
(11)
|
Áirítear ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais bearta eacnamaíocha agus airgeadais earnála maidir le soláthar seirbhísí airgeadais nó déanamh gníomhaíochtaí airgeadais. Cuimsítear sna seirbhísí agus gníomhaíochtaí airgeadais sin, ach gan iad a bheith teoranta dóibh, maoiniú agus cúnamh airgeadais, infheistíocht agus seirbhísí infheistíochta a sholáthar, urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid a eisiúint, taiscí a ghlacadh, sainseirbhísí teachtaireachtaí airgeadais a sholáthar, déileáil le nótaí bainc, seirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar, agus cripteashócmhainní agus criptea-thiachóga a sholáthar. Ba cheart sárú ar na bearta eacnamaíocha agus airgeadais earnála sin a bheith ina chion coiriúil.
|
|
(12)
|
Áirítear ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais bearta eacnamaíocha agus airgeadais earnála maidir le soláthar seirbhísí nach seirbhísí airgeadais iad. Cuimsíonn seirbhísí den sórt sin, gan a bheith teoranta dóibh, seirbhísí comhairleacha dlí, seirbhísí iontaoibhe, seirbhísí caidrimh phoiblí, cuntasaíocht, iniúchóireacht, leabharchoimeád agus seirbhísí comhairliúcháin cánach, comhairliúchán gnó agus bainistíochta, comhairliúchán TF, seirbhísí craolacháin, ailtireachta agus innealtóireachta a sholáthar. Ba cheart sárú ar na bearta eacnamaíocha agus airgeadais earnála sin a bheith ina chion coiriúil.
|
|
(13)
|
Níor cheart a thuiscint le haon cheann d’fhorálacha na Treorach seo go bhforchuirtear aon oibleagáidí ar dhaoine nádúrtha a dhéanfadh dochar don cheart gan tú féin a ionchoiriú agus don cheart a bheith i do thost, mar a chumhdaítear in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), do na Ballstáit atá faoi cheangal aici, agus in Airteagal 48 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).
|
|
(14)
|
Chun bearta sriantacha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm go héifeachtach, tá gá le rialacha íosta coiteanna maidir le cionta coiriúla a shainiú arb í atá iontu iompraíocht a théann timpeall ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais.
|
|
(15)
|
Sampla d’iompraíocht a théann timpeall ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais is ea an cleachtas atá ag daoine, eintitis agus comhlachtaí ainmnithe, ar cleachtas é atá ag éirí níos forleithne, cistí nó acmhainní eacnamaíocha atá faoi úinéireacht, i seilbh, nó á rialú go díreach nó go hindíreach ag na daoine, eintitis nó comhlachtaí ainmnithe sin, a úsáid, a aistriú chuig tríú páirtí, nó a dhiúscairt ar bhealach eile, chun na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a cheilt. Thairis sin, is ionann agus dul timpeall ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais freisin an cleachtas ina ndéantar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar, lena n-áirítear faisnéis ábhartha neamhiomlán, chun a cheilt gurb é atá i nduine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe ná úinéir deiridh nó tairbhí deiridh na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha atá faoi réir bhearta sriantacha de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an iompraíocht sin a théann timpeall ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais a bheith ina cion coiriúil faoin Treoir seo.
|
|
(16)
|
Ba cheart mainneachtain oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tuairisciú do na húdaráis inniúla riaracháin a leagtar síos le gníomhartha lena leagtar amach bearta sriantacha de chuid an Aontais a bheith ina cion coiriúil faoin Treoir seo.
|
|
(17)
|
Chun bearta sriantacha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm go héifeachtach, tá gá le rialacha íosta coiteanna maidir le cionta coiriúla a shainiú ar iompraíocht í a sháraíonn na coinníollacha sonracha, nó a mhainníonn comhlíonadh na gcoinníollacha sonracha, faoi údaruithe arna ndeonú ag údaráis inniúla chun gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh, arb ionann éagmais údarú den sórt sin agus sárú ar thoirmeasc nó srian arb ionann é agus beart sriantach de chuid an Aontais. D’fhéadfaí aon ghníomhaíocht a dhéantar in éagmais údarú a mheas, ag brath ar imthosca an cháis, ina sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais arb é atá iontu cistí nó acmhainní eacnamaíocha a reo, toirmisc thaistil, trádbhaic arm nó bearta eacnamaíocha agus airgeadais earnála eile.
|
|
(18)
|
Ba cheart gairmithe dlí, arna sainmhíniú ag na Ballstáit, a bheith faoi réir na Treorach seo, lena n-áirítear an oibleagáid an sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais a thuairisciú, agus seirbhísí á soláthar acu i gcomhthéacs gníomhaíochtaí gairmiúla, amhail seirbhísí dlí, airgeadais agus trádála. Tá baol soiléir ann go mbainfear mí-úsáid as seirbhísí na ngairmithe dlí sin chun bearta sriantacha de chuid an Aontais a shárú. Mar sin féin, ba cheart díolúintí a bheith ann ó aon oibleagáid faisnéis a thuairisciú, ar faisnéis í a fhaigheann siad ó dhuine dá gcliaint, nó a fhaigheann siad faoi dhuine dá gcliaint, le linn dóibh a seasamh dlíthiúil a fhionnadh nó le linn dóibh an cliant sin a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh air in imeachtaí breithiúnacha nó maidir leo, lena n-áirítear comhairle a thabhairt i ndáil leis na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart an chomhairle dlí sin a bheith fós faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás ina bhfuil an gairmí dlí ag glacadh páirt sa sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais d’aon ghnó, i gcás ina soláthraítear an chomhairle dlí chun críocha bearta sriantacha de chuid an Aontais a shárú, nó i gcás ina bhfuil a fhios ag an ngairmí dlí go bhfuil an cliant ag lorg comhairle dlí chun críocha bearta sriantacha de chuid an Aontais a shárú.
|
|
(19)
|
Níor cheart go ndéanfaí idirdhealú ar chliaint ó institiúidí creidmheasa agus airgeadais nó go ndéanfaí iad a eisiamh go míchuí ó rochtain ar sheirbhísí airgeadais mar thoradh ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais.
|
|
(20)
|
Ní bheartaítear leis an Treoir seo coiriúlú a dhéanamh ar chúnamh daonnúil do dhaoine atá i ngátar nó ar ghníomhaíochtaí lena dtacaítear le bunriachtanais an duine dá bhforáiltear i gcomhréir le prionsabail na neamhchlaontachta, na daonnachta, na neodrachta agus an neamhspleáchais agus, i gcás inarb infheidhme, leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.
|
|
(21)
|
Ba cheart cion coiriúil a ghríosú, agus cabhrú le cion coiriúil agus é a neartú, faoin Treoir seo a choiriúlú. Ba cheart an iarracht chun cionta coiriúla áirithe a dhéanamh faoin Treoir seo a choiriúlú freisin.
|
|
(22)
|
Ba cheart pionóis do dhaoine nádúrtha as cionta coiriúla a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais mar a shainítear sa Treoir seo iad a bheith éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach. Chuige sin, ba cheart íosleibhéil don uastéarma príosúnachta a shocrú do dhaoine nádúrtha. Ba cheart pionóis nó bearta nó pionóis bhreise nó bearta breise a bheith ar fáil in imeachtaí coiriúla freisin.
|
|
(23)
|
Ós rud é go bhfuil daoine dlítheanacha faoi réir bhearta sriantacha de chuid an Aontais freisin, ba cheart na daoine dlítheanacha sin a chur faoi dhliteanas i leith cionta a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais mar a shainítear sa Treoir seo iad. Ar an gcaoi sin, is é a thuigtear le ‘duine dlítheanach’ aon eintiteas dlítheanach a bhfuil an stádas sin aige faoin dlí is infheidhme, cé is moite de na Stáit nó de na comhlachtaí poiblí a fheidhmíonn údarás an Stáit agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí. Chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a ndéantar foráil ina ndlí maidir le dliteanas coiriúil daoine dlítheanacha a áirithiú go ndéantar foráil ina ndlí maidir le cineálacha éifeachtacha, athchomhairleacha agus comhréireacha agus leibhéil éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha de phionóis choiriúla mar a leagtar síos sa Treoir seo. Chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit sin nach ndéantar foráil ina ndlí maidir le dliteanas coiriúil daoine dlítheanacha a áirithiú go ndéantar foráil ina ndlí maidir le cineálacha éifeachtacha, athchomhairleacha agus comhréireacha agus leibhéil éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha de phionóis neamhchoiriúla mar a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart feidhm a bheith ag na huasleibhéil fíneálacha dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcás na gcionta a shainítear inti ar a laghad maidir leis na foirmeacha is tromchúisí de na cionta sin. Tá sé tábhachtach go ndéanfar tromchúis na hiompraíochta, mar aon le himthosca aonair, airgeadais agus eile na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann, a chur i gcuntas chun a áirithiú go bhfuil an pionós a fhorchuirfear éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann uasleibhéil na bhfíneálacha a shocrú mar chéatadán de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh lena mbaineann, nó méideanna socraithe. Ba cheart do na Ballstáit a chinneadh cé acu den dá rogha sin a úsáidfidh siad agus an Treoir seo á trasuí acu.
|
|
(24)
|
I gcás ina roghnóidh na Ballstáit, agus fíneálacha a bheidh le forchur ar dhaoine dlítheanacha á gcinneadh acu, an critéar chun láimhdeachas domhanda iomlán duine dhlítheanaigh a chur chun feidhme, ba cheart dóibh a chinneadh an ríomhfar an láimhdeachas sin bunaithe ar an mbliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion coiriúil, nó ar an mbliain ghnó roimh an gcinneadh an fhíneáil a fhorchur. Ba cheart do na Ballstáit freisin breithniú a dhéanamh ar rialacha a bhunú le haghaidh cásanna nach féidir méid fíneála a shocrú ar bhonn láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion coiriúil, nó sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó sin den chinneadh an fhíneáil a fhorchur. I gcásanna den sórt sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann critéir eile a chur san áireamh, amhail an láimhdeachas domhanda iomlán i mbliain ghnó eile. I gcás ina n-áirítear leis na rialacha sin méideanna socraithe fíneálacha a shocrú, níor cheart é a bheith riachtanach go sroichfeadh uasleibhéal na méideanna sin na leibhéil a bhunaítear sa Treoir seo mar an t-íoscheanglas le haghaidh uasleibhéal na bhfíneálacha a shocraítear i méideanna socraithe.
|
|
(25)
|
I gcás ina roghnóidh na Ballstáit uasleibhéal fíneálacha a shocraítear i méideanna socraithe, ba cheart na leibhéil sin a leagan síos sa dlí náisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith ag leibhéil is airde na bhfíneálacha sin maidir leis na cineálacha cionta coiriúla is tromchúisí a shainítear sa Treoir seo, cionta a dhéanann daoine dlítheanacha atá láidir ó thaobh airgeadais de. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann modh ríomha na leibhéal fíneálacha is airde sin a chinneadh, lena n-áirítear coinníollacha sonracha na bhfíneálacha sin. Iarrtar ar na Ballstáit athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar leibhéil na bhfíneálacha a shocraítear i méideanna socraithe ag féachaint do rátaí boilscithe agus luaineachtaí eile sa luach airgeadaíochta, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos ina ndlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu foráil a dhéanamh i dtaobh uasleibhéal fíneálacha ina n-airgeadra a chomhfhreagraíonn do na leibhéil a chinntear sa Treoir seo in euro ar dháta a teacht i bhfeidhm. Iarrtar ar na Ballstáit sin athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar leibhéil na bhfíneálacha maidir le forbairt an ráta malairte freisin.
|
|
(26)
|
Tá bunú uasleibhéal na bhfíneálacha gan dochar do rogha na mbreithiúna nó na gcúirteanna in imeachtaí coiriúla chun pionóis iomchuí a fhorchur i gcásanna aonair. Ós rud é nach mbunaítear leis an Treoir seo aon íosleibhéil fíneálacha, ba cheart do na breithiúna nó do na cúirteanna, in aon chás, pionóis iomchuí a fhorchur agus imthosca aonair, airgeadais agus eile an duine dhlítheanaigh lena mbaineann agus tromchúis na hiompraíochta á gcur i gcuntas.
|
|
(27)
|
Ba cheart na leibhéil pionós a fhorchuirtear a chomhfhogasú tuilleadh agus ba cheart éifeachtacht na leibhéal sin a chothú trí imthosca géaraitheacha coiteanna a thabhairt isteach a léiríonn, i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta, tromchúis an chiona choiriúil a rinneadh. Ba cheart an coincheap ‘imthosca géaraitheacha’ a thuiscint mar fhíorais lena gcuirtear ar chumas an bhreithimh náisiúnta nó na cúirte náisiúnta pianbhreitheanna níos déine a fhógairt i leith an chiona chéanna ná an phianbhreith a fhorchuirtear de ghnáth gan na fíorais sin, nó mar an fhéidearthacht déileáil le roinnt cionta coiriúla go carnach chun leibhéal an phionóis a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go bhféadfar ceann amháin de na nithe seo a leanas ar a laghad a mheas mar imthosca géaraitheacha: i gcás ina ndearnadh an cion faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle (11); i gcás inar bhain an cion le doiciméid bhréagacha nó bhrionnaithe; i gcás ina ndearna soláthraí seirbhíse gairmiúla an cion de shárú ar oibleagáidí gairmiúla an tsoláthraí seirbhíse gairmiúla sin; i gcás ina ndearna oifigeach poiblí an cion le linn dó nó di a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh, ar féidir leis nó léi a bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach ábhartha, bíodh oifig fhoirmiúil san Aontas, sna Ballstáit nó i dtríú tíortha ina seilbh aige nó aici, nó duine eile a raibh feidhm phoiblí á comhlíonadh aige nó aici; i gcás inar gineadh nó ina rabhthas ag dréim leis go nginfí sochair shuntasacha airgeadais, nó inar seachnaíodh costais shuntasacha, go díreach nó go hindíreach mar gheall ar an gcion; i gcás inar scrios an ciontóir fianaise, nó ina ndearna sé nó sí imeaglú ar fhinnéithe nó ar ghearánaigh; nó i gcás inar ciontaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach roimhe sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil do cheann amháin ar a laghad de na himthosca géaraitheacha sin mar imthoisc ghéaraitheach a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme ina gcóras dlí maidir le himthosca géaraitheacha. In aon chás, ba cheart é a bheith fós faoi rogha an bhreithimh nó na cúirte a chinneadh ar cheart an phianbhreith a mhéadú, agus na himthosca sonracha i ngach cás ar leith á gcur san áireamh.
|
|
(28)
|
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go bhféadfar ceann amháin de na nithe seo a leanas ar a laghad a mheas mar imthosca maolaitheacha: i gcás ina soláthraíonn an ciontóir faisnéis do na húdaráis inniúla nach mbeidís in ann a fháil ar shlí eile, lena gcuidítear leo ciontóirí eile a shainaithint nó a thabhairt faoi réim an cheartais; nó i gcás ina soláthraíonn an ciontóir faisnéis do na húdaráis inniúla nach mbeidís in ann a fháil ar shlí eile, lena gcuidítear leo fianaise a fháil. I measúnú na n-imthosca maolaitheacha, ba cheart é a bheith fós faoi rogha an bhreithimh nó na cúirte a chinneadh an laghdófar an phianbhreith, agus na himthosca sonracha i ngach cás ar leith á gcur san áireamh. D’fhéadfaí cineál, uainiú agus méid na faisnéise arna soláthar agus leibhéal an chomhair arna sholáthar ag an gciontóir a chur san áireamh sna himthosca sin.
|
|
(29)
|
Is de chineál riaracháin atá an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha a fhorchuirtear le bearta sriantacha de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart é a idirdhealú ó bhearta de chineál coiriúil a reo, dá dtagraítear i dTreoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart do na Ballstáit reo agus coigistiú ionstraimeachtaí agus fáltas ó na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a chumasú. Na Ballstáit a bhfuil Treoir 2014/42/AE mar cheangal orthu, ba cheart dóibh déanamh amhlaidh i gcomhréir leis an Treoir sin. Ina theannta sin, go sonrach i gcásanna ina ndéanann an duine ainmnithe, nó ionadaí eintitis nó comhlachta ainmnithe, cionta áirithe a bhaineann le dul timpeall ar bheart sriantach de chuid an Aontais nó ina nglacann sé páirt iontu, tá gá le reo agus coigistiú cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chumasú faoi réir bhearta sriantacha de chuid an Aontais, fiú i gcás ina bhféadfadh nach ionstraimeachtaí nó fáltais iad faoi Threoir 2014/42/AE. Sna himthosca sin, mar thoradh ar an iompraíocht um cheilt, is féidir leis an duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe leanúint le rochtain a fháil ar na cistí nó ar na hacmhainní eacnamaíocha atá faoi réir bhearta sriantacha de chuid an Aontais atá ceilte agus úsáid iomlán a bhaint astu nó iad a dhiúscairt. Ba cheart, dá bhrí sin, na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a bheith faoi réir reo agus coigistiú, i gcomhréir le Treoir 2014/42/AE. Níor cheart dochar a dhéanamh do chearta tríú páirtithe bona fide.
|
|
(30)
|
Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na tréimhsí teorann atá riachtanach chun cionta coiriúla a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais a chomhrac go héifeachtach, gan dochar do rialacha náisiúnta nach socraítear leo tréimhsí teorann maidir le himscrúdú, le hionchúiseamh agus le forfheidhmiú. Faoin Treoir seo, ceadaítear do na Ballstáit tréimhsí teorann níos giorra ná na tréimhsí a leagtar síos sa Treoir seo a bhunú, ar choinníoll go bhféadfar tréimhsí teorann níos giorra den sórt sin a bhriseadh nó a chur ar fionraí ina gcórais dlí i gcás gníomhartha is féidir a shonrú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. ar choinníoll go bhféadfar tréimhsí teorann níos giorra den sórt sin a bhriseadh nó a chur ar fionraí ina gcórais dlí i gcás gníomhartha is féidir a shonrú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
|
|
(31)
|
I bhfianaise, go háirithe, ghníomhaíochtaí domhanda na gciontóirí, mar aon le cineál trasteorann na gcionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo agus an fhéidearthacht imscrúduithe trasteorann a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit dlínse a bhunú chun na cionta sin a chomhrac go héifeachtach.
|
|
(32)
|
Chun imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach ar sháruithe ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha a chur ar fáil d’údaráis inniúla amhail na cinn atá ar fáil faoina ndlí náisiúnta chun an choireacht eagraithe nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chomhrac, má tá agus a mhéid atá úsáid na n-uirlisí sin iomchuí agus comhréireach le cineál agus tromchúis na gcionta coiriúla mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta. Féadfar a bheith san áireamh leis na huirlisí sin idircheapadh cumarsáide, faireachas ceilte, lena n-áirítear faireachas leictreonach, seachadtaí rialaithe, faireachán ar chuntais bhainc agus uirlisí imscrúdaithe airgeadais eile. Ba cheart na huirlisí sin a úsáid i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus lánurraim á tabhairt don Chairt. Tá sé ríthábhachtach go n-urramófar an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint.
|
|
(33)
|
Na daoine sin dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a thuairiscíonn faisnéis d’údaráis inniúla maidir le sáruithe atá déanta, atá á ndéanamh nó atá beartaithe i leith bhearta sriantacha de chuid an Aontais, lena n-áirítear iarrachtaí chun dul timpeall orthu, faisnéis atá faighte acu i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair, tá baol ann go bhfulaingeoidh siad frithbheart sa chomhthéacs sin. Is féidir le tuarascálacha daoine tuairiscithe den sórt sin forfheidhmiú bhearta sriantacha de chuid an Aontais a neartú trí fhaisnéis a sholáthar a bhaineann, mar shampla, le fíricí a bhaineann le sáruithe ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais, lena n-imthosca agus leis na daoine aonair, cuideachtaí agus tríú tíortha lena mbaineann. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh socruithe iomchuí i bhfeidhm ionas gur féidir le daoine tuairiscithe den sórt sin bealaí rúnda a úsáid, na húdaráis inniúla a chur ar an eolas agus iad a chosaint ar fhrithbhearta. Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le Treoir (AE) 2019/1937 a bheith infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais a thuairisciú agus maidir le daoine a thuairiscíonn sáruithe den sórt sin a chosaint, faoi na coinníollacha a leagtar síos inti.
|
|
(34)
|
Chun córas forfheidhmiúcháin éifeachtach comhtháite comhleanúnach a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit comhar agus cumarsáid inmheánach a eagrú idir a n-údaráis inniúla uile a bhfuil baint acu le forfheidhmiú riaracháin agus coiriúil.
|
|
(35)
|
Chun imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach ar sháruithe ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais a áirithiú, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát comhoibriú le chéile trí Europol, Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, agus oibriú i gcomhar leo, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach agus i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a roinnt lena chéile agus leis an gCoimisiún maidir le saincheisteanna praiticiúla freisin. D’fhéadfadh an Coimisiún, i gcás inar gá, líonra saineolaithe agus cleachtóirí a bhunú chun dea-chleachtais a chomhroinnt agus cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát chun imscrúdú cionta a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais a éascú. Níor cheart rannpháirtíocht an Choimisiúin a bheith i gceist leis an gcúnamh sin in imscrúdú agus ionchúiseamh cásanna coiriúla aonair arna seoladh ag údaráis inniúla na mBallstát agus níor cheart a thuiscint go n-áirítear leis sin tacaíocht airgeadais ná aon ghealltanas buiséadach eile ón gCoimisiún.
|
|
(36)
|
Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na cionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo, is gá d’údaráis inniúla sna Ballstáit sonraí staidrimh cruinne, comhsheasmhacha agus inchomparáide a bhailiú maidir leis na cionta sin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil córas leordhóthanach i bhfeidhm chun sonraí staidrimh atá ann cheana maidir leis na cionta a shainítear sa Treoir seo a thaifeadadh, a tháirgeadh agus a tharchur. Tá sé tábhachtach go n-úsáidfidh na Ballstáit na sonraí staidrimh sin chun freastal ar phleanáil straitéiseach agus oibríochtúil na ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, chun anailís a dhéanamh ar scála agus treochtaí na gcionta a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais, agus chun faisnéis a chur ar fáil do shaoránaigh freisin. Ba cheart do na Ballstáit sonraí staidrimh ábhartha maidir le himeachtaí a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais, a bhaintear as sonraí atá ann cheana ar leibhéal láraithe nó díláraithe laistigh den Bhallstát trí chéile, a tharchur chuig an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún torthaí a mheasúnaithe bunaithe ar na sonraí staidrimh arna dtarchur ag na Ballstáit a mheasúnú agus a fhoilsiú go tráthrialta i dtuarascáil.
|
|
(37)
|
Le leasú ar Threoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), ba cheart a áirithiú go ndéanfar an sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais a mheas mar chion preideacáide le haghaidh sciúradh airgid i gcomhréir leis an Treoir sin.
|
|
(38)
|
Toisc go bhfuil gá práinneach ann go gcoinneofar daoine aonair agus daoine dlítheanacha a bhfuil baint acu leis an sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais cuntasach, ba cheart do na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm laistigh de 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.
|
|
(39)
|
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.
|
|
(40)
|
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 3 Márta 2023, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.
|
|
(41)
|
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon rialacha íosta coiteanna a bhunú maidir le cionta a shainiú a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais agus infhaighteacht pionós coiriúil éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach i leith cionta coiriúla a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach agus cineál bunúsach trasteorann an tsáraithe ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais á chur san áireamh mar aon lena acmhainneacht an bonn a bhaint ó ghnóthú chuspóirí an Aontais maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choimirciú mar aon le luachanna coiteanna an Aontais a chaomhnú, agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na Treorach seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a a ghnóthú.
|
|
(42)
|
Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras nó daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla a urramú. I ndáil leis sin, leis na hoibleagáidí faoin Treoir seo níor cheart difear a dhéanamh d’oibleagáidí na mBallstát faoi dhlí an Aontais maidir le cearta nós imeachta in imeachtaí coiriúla, go háirithe Treoracha 2010/64/AE (15), 2012/13/AE (16), 2013/48/AE (17), (AE) 2016/343, (AE) 2016/800 (18) agus (AE) 2016/1919 (19) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
|
|
(43)
|
Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe sa Chairt, lena n-áirítear an ceart chun saoirse agus slándála, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosaint a fháil, lena n-áirítear an ceart gan tú féin a ionchoiriú agus an ceart a bheith i do thost, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, lena n-áirítear prionsabal neamh-aisghníomhaíocht na bpionós coiriúil, chomh maith leis an bprionsabal ne bis in idem. Leis an Treoir seo, féachtar lena áirithiú go n-urramófar na cearta agus na prionsabail sin go hiomlán agus tá sí le cur chun feidhme dá réir sin,
|
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Aibreán 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MICHEL
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1226
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|