+Airteagal 5 Pionóis do dhaoine nádúrtha
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5
|
Airteagal 5 Pionóis do dhaoine nádúrtha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4.
|
|
Airteagal 5 2
|
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 inphionóis le pionós uasta príosúnachta.
|
|
Airteagal 5 3
|
3. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a)
|
go mbeidh na cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(1), pointí (h)(iii) agus (iv), inphionóis le huastéarma príosúnachta 1 bhliain amháin ar a laghad i gcás ina mbaineann na cionta coiriúla sin le cistí nó acmhainní eacnamaíocha dar luach EUR 100 000 ar a laghad ar an dáta a rinneadh an cion.
|
|
(b)
|
go mbeidh na cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(1), pointí (a), (b) agus (h)(i) agus (ii), inphionóis le huastéarma príosúnachta 5 bliana príosúnachta ar a laghad i gcás ina mbaineann na cionta coiriúla sin le cistí nó acmhainní eacnamaíocha dar luach EUR 100 000 ar a laghad ar an dáta a rinneadh an cion.
|
|
(c)
|
go mbeidh an cion coiriúil a chumhdaítear le hAirteagal 3(1), pointe (c), inphionóis le huastéarma príosúnachta 3 bliana ar a laghad.
|
|
(d)
|
go mbeidh cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(1), pointí (d) go (g), agus pointe (i), inphionóis le huastéarma príosúnachta 5 bliana ar a laghad i gcás ina mbaineann na cionta coiriúla sin le hearraí, seirbhísí, idirbhearta nó gníomhaíochtaí dar luach EUR 100 000 ar a laghad ar an dáta a rinneadh an cion.
|
|
(e)
|
i gcás ina mbaineann an cion coiriúil a chumhdaítear le hAirteagal 3(1), pointe (e), le hítimí a áirítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh nó le hítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinní I agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821, go mbeidh cion coiriúil den sórt sin inphionóis le huastéarma príosúnachta 5 bliana ar a laghad beag beann ar luach na n-ítimí lena mbaineann.
|
|
|
Airteagal 5 4
|
4. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar an tairseach dar luach EUR 100 000 nó níos mó a bhaint amach trí shraith cionta atá nasctha, mar gheall ar iompraíocht dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointí (a), (b) agus (d) go (i), a chur le chéile, i gcás inarb é an ciontóir céanna a dhéanann na cionta sin.
|
|
Airteagal 5 5
|
5. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine nádúrtha a bhfuil na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 déanta acu a bheith faoi réir pionóis bhreise choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla breise nó coimhdeacha, lena bhféadfaí an méid seo a leanas a áireamh iontu:
|
(a)
|
fíneálacha atá comhréireach le tromchúis na hiompraíochta agus le himthosca aonair agus airgeadais agus imthosca eile an duine nádúrtha lena mbaineann;
|
|
(b)
|
tarraingt siar ceadanna agus údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú a raibh an cion coiriúil ábhartha mar thoradh orthu;
|
|
(c)
|
dícháiliú ó phost ceannaireachta den chineál céanna a úsáidtear chun an cion coiriúil a dhéanamh a bheith acu, laistigh de dhuine dlítheanach;
|
|
(d)
|
cosc sealadach ar sheasamh i dtoghchán d’oifig phoiblí;
|
|
(e)
|
i gcás ina bhfuil leas an phobail ann, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh, foilsiú na breithe breithiúnaí ina hiomláine, nó cuid di, ar breith í a bhaineann leis an gcion coiriúil a rinneadh agus na pionóis nó na bearta a forchuireadh, a bhféadfadh sonraí pearsanta daoine ciontaithe a bheith ar áireamh ann i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo amháin.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1226
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|