+Airteagal 8 Athbhreithniú rialaithe cáilíochta na fostaíochta
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
|
Airteagal 8 Athbhreithniú rialaithe cáilíochta na fostaíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Sula n-eiseofar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11, déanfar athbhreithniú rialaithe cáilíochta na fostaíochta (dá ngairtear “athbhreithniú” anseo feasta san Airteagal seo) chun a mheas cibé an bhféadfadh an t-iniúchóir reachtúil nó an príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta a bheith tagtha le réasún ar an tuairimí agus ar na conclúidí a áiríodh i ndréacht na dtuarascálacha seo.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Déanfaidh athbhreithneoir rialaithe cáilíochta na fostaíochta (dá ngairtear “athbhreithneoir” anseo feasta san Airteagal seo) an t-athbhreithniú. Is iniúchóir reachtúil a bheidh san athbhreithneoir, ar iniúchóir reachtúil é nach bhfuil bainteach leis an iniúchóireacht reachtúil lena mbaineann an t-athbhreithniú a dhéanamh.
|
|
Airteagal 8 3.
|
De mhaolú ar mhír 2, i gcás go ndéanann gnólacht iniúchóireachta an iniúchóireacht reachtúil agus go raibh na hiniúchóirí reachtúla uile bainteach leis an iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh, nó i gcás go ndéanann iniúchóir reachtúil an iniúchóireacht reachtúil agus nach comhpháirtí ná fostaí de ghnólacht iniúchóireachta é an t-iniúchóir reachtúil, déanfaidh sé/sí socrú go ndéanfaidh iniúchóir reachtúil eile athbhreithniú. Ní bheidh sárú ar rúndacht ghairmiúil i gceist maidir le doiciméid nó faisnéis a nochtadh don athbhreithneoir neamhspleách chun críocha an Airteagail seo. Chun críocha an Airteagail seo, is faoi réir rúndachta gairmiúla a bheidh doiciméid nó faisnéis a nochtar don athbhreithneoir.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Agus an t-athbhreithniú á dhéanamh aige, déanfaidh an t-athbhreithneoir an méid seo a leanas ar a laghad a thaifeadadh:
(a)
an fhaisnéis scríofa agus ó bhéal a chuir an t-iniúchóir reachtúil nó an príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta ar fáil chun tacú leis na breithiúnais shuntasacha chomh maith le príomhchinntí na nósanna imeachta iniúchóireachta a rinneadh agus na tátail a baineadh as na cinntí sin, cé acu a d'iarr an t-athbhreithneoir an fhaisnéis sin nó nár iarr;
(b)
tuairimí an iniúchóra reachtúil nó an phríomh-chomhpháirtí iniúchóireachta, mar a léiríodh i ndréacht na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11;
|
|
Airteagal 8 5.
|
Déanfar measúnú ar na gnéithe seo a leanas ar a laghad san athbhreithniú:
(a)
neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta ón eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;
(b)
na rioscaí suntasacha is ábhartha don iniúchóireacht reachtúil agus a shainaithin an t-iniúchóir reachtúil nó an príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta le linn iniúchóireacht reachtúla a dhéanamh agus na bearta atá déanta aige nó aici chun na rioscaí sin a bhainistiú go leordhóthanach;
(c)
réasúnaíocht an iniúchóra reachtúil nó an phríomh-chomhpháirtí iniúchóireachta, go háirithe maidir le leibhéal na hábharthachta agus leis na rioscaí suntasacha dá dtagraítear i bpointe (b);
(d)
aon iarraidh a rinneadh ar chomhairle ó shaineolaithe seachtracha agus cur i ngníomh na comhairle sin;
(e)
nádúr agus raon feidhme na míráiteas ceartaithe agus gan a bheith ceartaithe sna ráitis airgeadais a sainaithníodh le linn an iniúchóireacht a dhéanamh;
(f)
na hábhair a pléadh leis an gcoiste iniúchóireachta agus le bainistíocht agus/nó comhlachtaí maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air;
(g)
na hábhair a pléadh le húdaráis inniúla agus, i gcás inarb infheidhme, le tríú páirtithe eile;
(h)
cibé an dtacaíonn na doiciméid agus an fhaisnéis a roghnaigh an t-athbhreithneoir ón gcomhad le tuairim an iniúchóra reachtúil nó an phríomh-chomhpháirtí mar a léirítear é i ndréacht na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Pléifidh an t-athbhreithneoir torthaí an athbhreithnithe leis an iniúchóir reachtúil nó leis an bpríomh-chomhpháirtí iniúchóireachta. Cuirfidh an gnólacht iniúchóireachta nósanna imeachta ar bun lena gcinnfear an dóigh chun easaontas idir an príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta agus an t-athbhreithneoir a réiteach.
|
|
Airteagal 8 7.
|
Coinneoidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta agus an t-athbhreithneoir taifead de thorthaí an athbhreithnithe, in éineacht le bunbhreithniú na dtorthaí sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|