|
+Airteagal 8 5. |
Airteagal 8 5.Déanfar measúnú ar na gnéithe seo a leanas ar a laghad san athbhreithniú:
(a)
neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta ón eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;
(b)
na rioscaí suntasacha is ábhartha don iniúchóireacht reachtúil agus a shainaithin an t-iniúchóir reachtúil nó an príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta le linn iniúchóireacht reachtúla a dhéanamh agus na bearta atá déanta aige nó aici chun na rioscaí sin a bhainistiú go leordhóthanach;
(c)
réasúnaíocht an iniúchóra reachtúil nó an phríomh-chomhpháirtí iniúchóireachta, go háirithe maidir le leibhéal na hábharthachta agus leis na rioscaí suntasacha dá dtagraítear i bpointe (b);
(d)
aon iarraidh a rinneadh ar chomhairle ó shaineolaithe seachtracha agus cur i ngníomh na comhairle sin;
(e)
nádúr agus raon feidhme na míráiteas ceartaithe agus gan a bheith ceartaithe sna ráitis airgeadais a sainaithníodh le linn an iniúchóireacht a dhéanamh;
(f)
na hábhair a pléadh leis an gcoiste iniúchóireachta agus le bainistíocht agus/nó comhlachtaí maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air;
(g)
na hábhair a pléadh le húdaráis inniúla agus, i gcás inarb infheidhme, le tríú páirtithe eile;
(h)
cibé an dtacaíonn na doiciméid agus an fhaisnéis a roghnaigh an t-athbhreithneoir ón gcomhad le tuairim an iniúchóra reachtúil nó an phríomh-chomhpháirtí mar a léirítear é i ndréacht na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|