|
+Airteagal 10 2. |
Airteagal 10 2.Déanfar an tuarascáil iniúchóireachta a ullmhú i gcomhréir le forálacha Airteagal 28 de Threoir 2006/43/CE agus de bhreis air sin déanfar an méid seo a leanas ar a laghad inti:
(a)
a lua cé a cheap nó cén chomhlacht a cheap an t-iniúchóir reachtúil/na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta/na gnólachtaí iniúchóireachta;
(b)
dáta an cheapacháin agus an tréimhse fostaíochta neamhbhriste iomlán lena n-áirítear athnuachain agus athcheapacháin roimhe seo na n-iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta a shonrú;
(c)
an méid a leanas a chur ar fáil, chun tacú leis an tuairim iniúchóireachta:
(i)
tuairisc ar na rioscaí measúnaithe is suntasaí de mhíráiteas ábhartha, lena n-áirítear rioscaí measúnaithe de mhíráiteas ábhartha de dheasca calaoise;
(ii)
achoimre ar fhreagairt an iniúchóra ar na rioscaí sin; agus
(iii)
i gcás inarb ábhartha, na príomhthuairimí a bhaineann leis na rioscaí sin. I gcás inarb ábhartha maidir leis an bhfaisnéis thuasluaite a chuirtear ar fáil sa tuarascáil iniúchóireachta i ndáil le gach riosca measúnaithe suntasach de mhíráitis ábhartha, áireofar tagairt shoiléir don nochtadh ábhartha sna ráitis airgeadais sa tuarascáil iniúchóireachta.
(d)
míniú a thabhairt ar a mhéid a measadh go rabhthas in ann, leis an iniúchóireacht reachtúil neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, a bhrath;
(e)
deimhniú go bhfuil an tuairim iniúchóireachta i gcomhréir leis an tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 11;
(f)
dearbhú nár soláthraíodh na seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus go raibh an t-iniúchóir reachtúil/na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta/na gnólachtaí iniúchóireachta i gcónaí neamhspleách ón eintiteas a ndearnadh iniúchóireacht air agus an iniúchóireacht á déanamh;
(g)
aon seirbhísí, de bhreis ar an iniúchóireacht reachtúil, a chuir an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ar fáil don eintiteas a ndearnadh iniúchóireacht air agus dá ghnóthas rialaithe/dá ghnóthais rialaithe, agus nár nochtadh sa tuarascáil bhainistíochta nó sna ráitis airgeadais a chur in iúl. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise a leagan síos maidir le hinneachar na tuarascála iniúchóireachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|