+Airteagal 12 Tuarascáil do mhaoirseoirí eintiteas leasa phoiblí
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
|
Airteagal 12 Tuarascáil do mhaoirseoirí eintiteas leasa phoiblí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Gan dochar d'Airteagal 55 de Threoir 2004/39/CE, d'Airteagal 63 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
), d'Airteagal 15(4) de Threoir 2007/64/CE, d'Airteagal 106 de Threoir 2009/65/CE, d'Airteagal 3(1) de Threoir 2009/110/CE agus d'Airteagal 72 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
), beidh dualgas ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí chun tuarascáil a thabhairt go pras do na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar an eintiteas leasa phoiblí sin nó, i gcás ina gcinneann an Ballstát lena mbaineann amhlaidh, don údarás inniúil atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an iniúchóir nó ar an ngnólacht iniúchóireachta, aon eolas a bhaineann leis an eintiteas leasa phoiblí sin agus a bhfuil sé nó sí tagtha ar an eolas faoi le linn an iniúchóireacht reachtúil sin a sheoladh agus ar eolas é a fhéadfaidh bheith ina chúis le haon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
sárú ábharthach ar na dlíthe, ar na rialacháin nó ar na forálacha riaracháin lena leagtar síos, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha lena rialaítear údarú ghníomhaíochtaí an eintitis leasa phoiblí sin nó lena ndéantar na gníomhaíochtaí sin a rialú go sonrach;
(b)
bagairt nó amhras ábharthach maidir le feidhmiú leantach an eintitis leasa phoiblí;
(c)
diúltú tuairim iniúchóireachta a eisiúint maidir leis na ráitis airgeadais nó tuairim chodarsnach nó cháilithe a eisiúint.
Beidh dualgas freisin ar iniúchóirí reachtúla nó ar ghnólachtaí iniúchóireachta tuarascáil a thabhairt faoi aon fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) nó pointe (c) den chéad fhomhír a dtagann sé nó sí ar an eolas faoi le linn iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar ghnóthas a bhfuil dlúthbhaint aige leis an eintiteas leasa phoiblí a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil á seoladh acu air freisin. Chun críocha an Airteagail seo, beidh le “dlúthnaisc” an bhrí a shanntar don téarma sin i bpointe (38) d'Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
). Féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise a éileamh ar iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis riachtanach chun maoirseacht éifeachtach, dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, a dhéanamh ar an margadh airgeadais.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Bunófar idirphlé éifeachtach idir na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnóthais árachais, ar láimh amháin, agus an t-iniúchóir reachtúil/na hiniúchóirí reachtúla agus an gnólacht iniúchóireachta/na gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar na hinstitiúidí agus ar na gnóthais sin, ar an láimh eile. Is ar an dá pháirtí san idirphlé a bheidh an fhreagracht an ceanglas seo a chomhlíonadh. Gach bliain ar a laghad, eagróidh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus CCEFI cruinniú de gach institiúid airgeadais dhomhanda atá tábhachtach ar bhealach sistéamach agus atá údaraithe laistigh den Aontas, mar a sainaithníodh iad go hidirnáisiúnta, ar cruinniú é a bheidh eagraithe leis na hiniúchóirí reachtúla agus na gnólachtaí iniúchóireachta nó líonraí iniúchóireachta a bhfuil iniúchóireachtaí reachtúla á ndéanamh acu, d'fhonn BERS a chur ar an eolas maidir le haon fhorbairtí earnálacha nó suntasacha sna hinstitiúidí airgeadais sin ar institiúidí iad atá tábhachtach ar bhealach sistéamach. Chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a éascú, déanfaidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach — ÚBE) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde — ÚEÁPC), agus aird á tabhairt ar chleachtais reatha maoirseachta, treoirlínte a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnóthais árachais a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
) agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
) faoi seach.
|
|
Airteagal 12 3.
|
I gcás ina ndéanfadh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta nó an líonra iniúchóireachta, i gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 nó aon fhaisnéis a thagann chun cinn le linn an idirphlé dá bhforáiltear i mír 2 a nochtadh de mheon macánta do na húdaráis inniúla nó do BERS nó do CCEFI, ní hionann an nochtadh sin agus sárú ar aon srian conarthach nó dlíthiúil ar fhaisnéis a nochtadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|