+Airteagal 12 2.

Airteagal 12 2.

Bunófar idirphlé éifeachtach idir na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnóthais árachais, ar láimh amháin, agus an t-iniúchóir reachtúil/na hiniúchóirí reachtúla agus an gnólacht iniúchóireachta/na gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar na hinstitiúidí agus ar na gnóthais sin, ar an láimh eile. Is ar an dá pháirtí san idirphlé a bheidh an fhreagracht an ceanglas seo a chomhlíonadh.

Gach bliain ar a laghad, eagróidh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus CCEFI cruinniú de gach institiúid airgeadais dhomhanda atá tábhachtach ar bhealach sistéamach agus atá údaraithe laistigh den Aontas, mar a sainaithníodh iad go hidirnáisiúnta, ar cruinniú é a bheidh eagraithe leis na hiniúchóirí reachtúla agus na gnólachtaí iniúchóireachta nó líonraí iniúchóireachta a bhfuil iniúchóireachtaí reachtúla á ndéanamh acu, d'fhonn BERS a chur ar an eolas maidir le haon fhorbairtí earnálacha nó suntasacha sna hinstitiúidí airgeadais sin ar institiúidí iad atá tábhachtach ar bhealach sistéamach.

Chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a éascú, déanfaidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach — ÚBE) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde — ÚEÁPC), agus aird á tabhairt ar chleachtais reatha maoirseachta, treoirlínte a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnóthais árachais a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) faoi seach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.