+Airteagal 16 Iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a cheapadh
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
---+Airteagal 16 7.
---+Airteagal 16 8.

Airteagal 16 Iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a cheapadh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Chun Airteagal 37(1) de Threoir 2006/43/CE a chur i bhfeidhm, beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo maidir le ceapadh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, ach féadfaidh siad bheith faoi réir mhír 7.

I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 37(2) de Threoir 2006/43/CE, cuirfidh an t-eintiteas leasa phoiblí an t-údarás inniúil ar an eolas faoi úsáid córas malartach nó rialacha mionsonraithe malartacha dá dtagraítear san Airteagal in. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 16 2.
Déanfaidh an coiste iniúchóireachta moladh faoi cheapadh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a thíolacadh do chomhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air.

Mura rud é go bhfuil baint ag an moladh le hathnuachan fostaíochta iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus le hAirteagal 17(2), déanfar bonn cirt a thabhairt don mholadh agus beidh dhá rogha ann sa mholadh maidir leis an bhfostaíocht iniúchóireachta agus léireoidh an coiste iniúchóireachta cén rogha is fearr leis mar aon le húdar maith a léiriú maidir leis an rogha a dhéanfaidh siad.

Luafaidh an coiste iniúchóireachta ina mholadh go bhfuil an moladh saor ó thionchar ar thaobh tríú páirtí agus nach ndearnadh aon chlásal den chineál dá dtagraítear i mír 6 a fhorchur air.

Airteagal 16 3.

Mura rud é go mbaineann an moladh le hathnuachan fostaíochta iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus le hAirteagal 17(2), déanfar an moladh ón gcoiste iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a ullmhú tar éis nós imeachta maidir le roghnúcháin ar nós imeachta é a eagróidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air ag cloí leis na critéir seo a leanas:

(a) 

beidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air saor chun cuireadh a thabhairt d'aon iniúchóir reachtúil nó d'aon ghnólacht iniúchóireachta tograí a thíolacadh maidir leis an tseirbhís reachtúil iniúchóireachta a sholáthar ar choinníoll go gcloítear le hAirteagal 17(3) agus nach amhlaidh go ndéanfar le heagrú phróiseas na tairisceana rannpháirtíocht gnólachtaí a eisiamh ón nós imeachta roghnúcháin ar chaoi ar bith, ar gnólachtaí iad a fuair níos lú ná 15 % de na táillí iomlána iniúchóireachta ó eintitis leasa phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann sa bhliain fhéilire roimhe sin;

(b) 

ullmhóidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air doiciméid tairisceana mar eolas do na hiniúchóirí reachtúla nó do na gnólachtaí iniúchóireachta dá dtugtar cuireadh. Ligfidh na doiciméid tairisceana sin dóibh tuiscint a bheith acu ar ghnó an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air agus ar an gcineál iniúchóireachta reachtúla atá le seoladh. Beidh critéir thrédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha sna doiciméid tairisceana ar critéir iad a úsáidfidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air chun meastóireacht a dhéanamh ar na tograí a dhéanfaidh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta;

(c) 

beidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air saor chun an nós imeachta maidir le roghnúchán a chinneadh agus, le linn an nós imeachta sin, féadfaidh sé caibidlíocht dhíreach a sheoladh le tairgeoirí ar spéis leo an t-ábhar;

(d) 

más rud é, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, go gceanglóidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20 ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta caighdeáin áirithe cáilíochta a chomhlíonadh, cuirfear na caighdeáin sin san áireamh sna doiciméid tairisceana;

(e) 

déanfaidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air meastóireacht ar na tograí a dhéanfaidh na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta i gcomhréir leis na critéir maidir le roghnúchán a réamhshainítear sna doiciméid tairisceana. Déanfaidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air tuarascáil a ullmhú ar chonclúidí an nós imeachta roghnúcháin agus déanfaidh an coiste iniúchóireachta na conclúidí sin a bhailíochtú. Déanfaidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus an coiste iniúchóireachta a chur san áireamh cinntí nó conclúidí ar bith in aon tuarascáil chigireachta maidir leis an iniúchóir reachtúil nó maidir leis an ngnólacht is iarratasóir, ar tuarascáil í dá dtagraítear in Airteagal 26(8) agus atá foilsithe ag an údarás inniúil de bhun phointe (d) d'Airteagal 28;

(f) 

beidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air in ann, arna iarraidh sin, a thaispeáint don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 20 go ndearnadh an nós imeachta maidir le roghnúchán a sheoladh ar mhodh cothrom.

Beidh an coiste iniúchóireachta freagrach as an nós imeachta roghnúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 20(1) liosta de na hiniúchóirí reachtúla agus de na gnólachtaí iniúchóireachta lena mbaineann a phoibliú agus déanfar an liosta sin a uasdátú ar bhonn bliantúil. Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis arna soláthar ag iniúchóirí reachtúla agus ag gnólachtaí iniúchóireachta de bhun Airteagal 14 a úsáid chun na ríomhaireachtaí ábhartha a dhéanamh.

Airteagal 16 4.
Ní bheidh aon cheangal ar eintitis leasa phoiblí a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe (f) agus i bpointe (t) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) an nós imeachta roghnúcháin dá dtagraítear i mír 3 a chur i bhfeidhm.
Airteagal 16 5.
Sa togra do chruinniú ginearálta scairshealbhóirí nó chomhaltaí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air maidir le hiniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a cheapadh, áiritheofar an moladh agus an tosaíocht dá dtagraítear i mír 2 a dhéanann an coiste iniúchóireachta nó an comhlacht a dhéanann na feidhmeanna coibhéiseacha.

Má imíonn an togra ó thosaíocht an choiste iniúchóireachta, déanfar údar maith leis na cúiseanna gan déanamh de réir mholadh an choiste iniúchóireachta a thabhairt sa togra. Ceanglaítear, áfach, go raibh an t-iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a mhol an comhlacht riaracháin nó maoirseachta rannpháirteach sa nós imeachta roghnúcháin a gcuirtear síos air i mír 3. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo i gcás ina ndéanann an comhlacht riaracháin nó maoirseachta feidhmeanna an choiste iniúchóireachta.

Airteagal 16 6.
Aon chlásal de chuid conartha a dhéantar idir eintiteas leasa phoiblí agus tríú páirtí agus lena ndéantar rogha chruinniú ginearálta scairshealbhóirí nó chomhaltaí an eintitis sin, dá dtagraítear in Airteagal 37 de Threoir 2006/43/CE a shrianadh do chatagóirí áirithe nó liostaí áirithe iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanfaidh an iniúchóireacht reachtúil ar an eintiteas sin, maidir le ceapadh iniúchóir reachtúil ar leith nó gnólacht iniúchóireachta ar leith is clásail ar neamhní a bheidh sa chlásal sin.

Déanfaidh eintiteas leasa phoiblí na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20 a chur ar an eolas, go díreach agus gan mhoill, faoi aon iarracht ar thaobh tríú páirtí clásal conarthach den sórt sin a fhorchur nó tionchar míchuí a imirt ar shlí eile ar chinneadh chruinniú ginearálta na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí maidir le hiniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a roghnú.

Airteagal 16 7.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh eintitis leasa phoiblí líon íosta iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a cheapadh in imthosca áirithe agus na coinníollacha a bhunú lena rialófar an caidreamh idir na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta a cheapfar.

Má bhunaíonn Ballstát aon cheanglas den sórt sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus don Údarás Maoirseachta Eorpach ábhartha.

Airteagal 16 8.
Má tá coiste ainmniúcháin ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, ar coiste é a bhfuil tionchar suntasach ag na scairshealbhóirí nó ag na comhaltaí air agus a bhfuil de chúram air moltaí a dhéanamh maidir le hiniúchóirí a roghnú, féadfaidh Ballstáit ligean don choiste ainmniúcháin sin feidhmeanna an choiste iniúchóireachta a dhéanamh, ar feidhmeanna iad atá leagtha síos san Airteagal seo agus lena n-éilítear go gcuirfidh sé an moladh dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid chruinniú ginearálta na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.