|
+Airteagal 21 Coinníollacha neamhspleáchais |
Airteagal 21 Coinníollacha neamhspleáchaisAirteagal 21 Coinníollacha neamhspleáchais Beidh na húdaráis inniúla neamhspleách ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta. Féadfaidh na húdaráis inniúla dul i gcomhairle le saineolaithe, dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 26(1), chun cúraimí sonracha a chomhlíonadh agus féadfaidh saineolaithe cúnamh a thabhairt dóibh nuair is bunriachtanach sin chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh i gceart. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh aon bhaint ag na saineolaithe le haon chinnteoireacht. Ní bheidh duine ina chomhalta den chomhlacht rialachais, nó ní bheidh sé nó sí freagrach as cinnteoireacht na n-údarás sin más amhlaidh agus é nó í páirteach ann nó le linn na trí bliana roimhe sin:
(a)
go ndearna an duine sin iniúchóireachtaí reachtúla;
(b)
go raibh cearta vótála ag an duine sin i ngnólacht iniúchóireachta;
(c)
go raibh an duine sin ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht riaracháin, bainistithe nó maoirseachta gnólachta iniúchóireachta;
(d)
go raibh an duine sin ina chomhpháirtí nó ina comhpháirtí de ghnólacht iniúchóireachta, ina fhostaí nó ina fostaí de ghnólacht iniúchóireachta nó ar conradh ar shlí eile ag gnólacht iniúchóireachta. Beidh maoiniú na n-údarás sin daingean agus saor ó thionchar míchuí ó iniúchóirí reachtúla agus ó ghnólachtaí iniúchóireachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|