+Airteagal 30 CCEFI a bhunú
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
---+Airteagal 30 6.
---+Airteagal 30 7.
---+Airteagal 30 8.
---+Airteagal 30 9.
---+Airteagal 30 10.
---+Airteagal 30 11.
---+Airteagal 30 12.
---+Airteagal 30 13.
---+Airteagal 30 14.
---+Airteagal 30 15.
---+Airteagal 30 16.
---+Airteagal 30 17.
---+Airteagal 30 18.
|
Airteagal 30 CCEFI a bhunú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
Gan dochar d'eagrúchán na formhaoirseachta a dhéantar ar an iniúchóireacht náisiúnta, eagrófar an comhar idir na húdaráis inniúla faoi chuimsiú CCEFI.
|
|
Airteagal 30 2.
|
Beidh CCEFI comhdhéanta de chomhalta amháin ó gach Ballstát ar ionadaithe ardleibhéil iad ó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Threoir 2006/43/CE, agus de chomhalta amháin a cheapfaidh ÚEUM, dá ngairtear “comhaltaí” anseo feasta.
|
|
Airteagal 30 3.
|
Iarrfar ar an ÚBE agus ar ÚEÁPC freastal ar chruinnithe de chuid CCEFI mar bhreathnóirí.
|
|
Airteagal 30 4.
|
Tiocfaidh CCEFI le chéile ar bhonn rialta agus, más gá, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát.
|
|
Airteagal 30 5.
|
Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta de CCEFI, seachas an comhalta a cheapfaidh ÚEUM, nach mbeidh cearta vótála aige. Mura sonrófar a mhalairt, glacfar cinntí de chuid CCEFI le tromlach simplí dá chomhaltaí.
|
|
Airteagal 30 6.
|
Toghfar Cathaoirleach CCEFI as liosta iarratasóirí a dhéanann ionadaíocht do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Threoir 2006/43/CE, nó cuirfear as oifig é, le tromlach 2/3 de na comhaltaí i ngach cás. Toghfar an Cathaoirleach ar feadh téarma ceithre bliana. Ní fhéadfaidh an Cathaoirleach fónamh sa phost céanna ar feadh téarmaí comhleanúnacha, ach féadfar é a thoghadh an athuair tar éis tréimhse mharana ceithre bliana. Is é an Coimisiún a cheapfaidh an Leas-Chathaoirleach nó a chuirfidh as oifig é nó í. Ní bheidh cearta vótála ag an gCathaoirleach ná ag an Leas-Chathaoirleach. I gcás ina n-éiríonn an Cathaoirleach as oifig roimh dheireadh a théarma oifige nó a téarma oifige nó i gcás ina gcuirtear as oifig é nó í, gníomhóidh an Leas-Chathaoirleach mar Chathaoirleach go dtí an chéad chruinniú eile a bheidh ag CCEFI, ar cruinniú é ag a dtoghfar Cathaoirleach go ceann a mbeidh fágtha den téarma.
|
|
Airteagal 30 7.
|
Déanfaidh CCEFI an méid seo leanas:
(a)
malartú faisnéise, saineolais agus na gcleachtas is fearr a éascú chun an Rialachán seo agus Treoir 2006/43/CE a chur chun feidhme;
(b)
comhairle shaineolaíoch a chur ar fáil don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán seo agus Treoir 2006/43/CE a chur chun feidhme;
(c)
cuidiú le measúnú teicniúil a dhéanamh ar chórais formhaoirseachta phoiblí i dtríú tíortha agus cuidiú freisin leis an gcomhar idirnáisiúnta idir na Ballstáit agus tríú tíortha sa réimse sin, faoi mar a thagraítear di in Airteagal 46(2) agus in Airteagal 47(3) de Threoir 2006/43/CE;
(d)
cuidiú le scrúdú teicniúil a dhéanamh ar chaighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta, lena n-áirítear na próisis chun na caighdeáin sin a fhorbairt, ionas go nglacfaí iad ar leibhéal an Aontais;
(e)
cuidiú le feabhas a chur ar na sásraí comhair maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta de chuid eintiteas leasa phoiblí nó ar na líonraí lena mbaineann siad;
(f)
cúraimí eile comhordúcháin a dhéanamh sna cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó i dTreoir 2006/43/CE.
|
|
Airteagal 30 8.
|
Chun a chuid cúraimí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 7 a chur i gcrích, iarrfaidh CCEFI cúnamh ó ÚEUM, ó ÚBE nó ó ÚEÁPC a mhéid a bhaineann a iarraidh leis an gcomhar idirnáisiúnta idir na Ballstáit agus tríú tíortha maidir le hiniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí arna maoirsiú ag na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha sin. I gcás ina n-iarrtar cúnamh den sórt sin, cuideoidh ÚEUM, ÚBE nó ÚEÁPC le CCEFI a chúram a chur i gcrích.
|
|
Airteagal 30 9.
|
Chun na cúraimí atá air a chur i gcrích, féadfaidh CCEFI treoirlínte nó tuairimí neamhcheangailteacha a ghlacadh. Foilseoidh an Coimisiún na treoirlínte agus na tuairimí a ghlac CCEFI.
|
|
Airteagal 30 10.
|
Glacfaidh CCEFI air féin na cúraimí reatha agus leantacha go léir, de réir mar is iomchuí, atá ar Ghrúpa Eorpach na gComhlachtaí Formhaoirseachta Iniúchóireachta (GECFI) a cruthaíodh le Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún.
|
|
Airteagal 30 11.
|
Féadfaidh CCEFI foghrúpaí a bhunú ar bhonn buan nó ar bhonn ad hoc d'fhonn saincheisteanna sonracha faoi na téarmaí tagartha a bhunaigh sé a scrúdú. Féadfar an rannpháirtíocht i ndíospóireachtaí na bhfoghrúpaí a leathnú amach ionas go gcumhdóidh sé na húdaráis inniúla ó thíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (dá ngairtear LEE anseo feasta) i réimse fhormhaoirseacht na hiniúchóireachta, nó trí chuireadh a thabhairt, cás ar chás, do na húdaráis inniúla ó thíortha nach tíortha de chuid AE/LEE iad, faoi réir formheas a fháil ó chomhaltaí CCEFI. Féadfaidh rannpháirtíocht údaráis inniúil nach ó thír de chuid AE/LEE é bheith faoi réir tréimhse ama teoranta.
|
|
Airteagal 30 12.
|
Bunóidh CCEFI foghrúpa chun na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 7 a chur i gcrích. Beidh an comhalta a cheapfaidh ÚEUM de bhun mhír 2 ina chathaoirleach ar an bhfoghrúpa sin.
|
|
Airteagal 30 13.
|
Arna iarraidh sin do thriúr comhaltaí ar a laghad, nó dá dheoin féin, i gcás ina measfar go mbeadh sin úsáideach nó riachtanach, féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar shaineolaithe, lena n-áirítear cleachtóirí, a bhfuil inniúlacht speisialta acu maidir le hábhar ar an gclár oibre, a bheith páirteach i ndíospóireachtaí CCEFI nó i ndíospóireachtaí fhoghrúpa CCEFI mar bhreathnóirí. Féadfaidh CCEFI a iarraidh ar ionadaithe de chuid údarás inniúil ó thríú tíortha atá inniúil i réimse fhormhaoirseacht na hiniúchóireachta bheith páirteach i ndíospóireachtaí CCEFI nó i ndíospóireachtaí fhoghrúpa CCEFI mar bhreathnóirí.
|
|
Airteagal 30 14.
|
Is é an Coimisiún a chuirfidh Rúnaíocht ar fáil do Choiste CCEFI. Áireofar speansais CCEFI i meastacháin an Choimisiúin.
|
|
Airteagal 30 15.
|
Ullmhóidh an Cathaoirleach clár oibre sealadach do gach cruinniú de chuid CCEFI ag féachaint go cuí do na tuairimí i scríbhinn ó na comhaltaí.
|
|
Airteagal 30 16.
|
Ní chuirfidh an Cathaoirleach, nó an Leas-Chathaoirleach má tá an Cathaoirleach as láthair, tuairimí ná seasaimh de chuid CCEFI in iúl ach amháin le formheas na gcomhaltaí.
|
|
Airteagal 30 17.
|
Ní chuirfear díospóireachtaí de chuid CCEFI in iúl don phobal.
|
|
Airteagal 30 18.
|
Glacfaidh CCEFI a chuid rialacha nós imeachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|