+Airteagal 31 Comhar maidir le hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta, maidir le himscrúduithe agus maidir le cigireachtaí ar an láthair
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
---+Airteagal 31 5.
---+Airteagal 31 6.
---+Airteagal 31 7.
|
Airteagal 31 Comhar maidir le hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta, maidir le himscrúduithe agus maidir le cigireachtaí ar an láthair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Déanfaidh údaráis inniúla bearta chun comhoibriú éifeachtach a áirithiú ag leibhéal an Aontais i leith athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit amháin cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile maidir leis na hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta a dhéantar ar iniúchóirí reachtúla nó ar ghnólachtaí iniúchóireachta ar cuid de líonra iad a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí suntasacha sa Bhallstát iarrtha.
|
|
Airteagal 31 3.
|
I gcás ina bhfaighidh údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit eile cuidiú le hathbhreithniú dearbhaithe cáilíochta a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla nó ar ghnólacht iniúchóireachta ar cuid de líonra iad a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí suntasacha sa Bhallstát sin, ceadóidh sé don údarás inniúil iarrthach cuidiú leis in athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta den sórt sin. Ní bheidh an ceart ag an údarás inniúil iarrthach rochtain a fháil ar fhaisnéis a d'fhéadfadh rialacha náisiúnta slándála a shárú nó a d'fhéadfadh difear dochrach a dhéanamh do cheannasacht, do shlándáil nó d'ord poiblí an Bhallstáit iarrtha.
|
|
Airteagal 31 4.
|
I gcás ina dtagann údarás inniúil ar an gconclúid go bhfuil gníomhaíochtaí atá contrártha d'fhorálacha an Rialacháin seo á gcur i gcrích, nó go ndearnadh gníomhaíochtaí den sórt sin a chur i gcrích, ar chríoch Ballstáit eile, déanfaidh siad an chonclúid sin a chur in iúl d'údarás inniúil an Bhallstáit sin ar shlí chomh sonrach agus is féidir. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eile gníomhaíocht iomchuí a chur i gcrích. Cuirfidh sé an t-údarás inniúil a chuir an chonclúid in iúl dó ar an eolas faoi thoradh na gníomhaíochta sin agus, a mhéid is féidir, faoi fhorbairtí suntasacha eatramhacha.
|
|
Airteagal 31 5.
|
Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit amháin a iarraidh go gcuirfidh údarás inniúil Ballstáit eile imscrúdú i gcrích ar chríoch an Bhallstáit is déanaí atá luaite. Féadfaidh sé a iarraidh freisin go gceadófar do roinnt daoine dá phearsanra féin a bheith in éineacht pearsanra údarás inniúil an Bhallstáit sin le linn an imscrúdaithe, lena n-áirítear maidir le cigireachtaí ar an láthair. Is faoi réir rialú foriomlán an Bhallstáit ar ina chríoch dhéantar é a bheidh an t-imscrúdú nó an chigireacht ó thús deireadh.
|
|
Airteagal 31 6.
|
Sna cásanna seo a leanas, féadfaidh an t-údarás inniúil iarrtha diúltú gníomhú ar bhonn iarrata ar imscrúdú a chur i gcrích de réir mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír de mhír 5 nó ar bhonn iarrata go mbeidh pearsanra de chuid údaráis inniúil Ballstáit eile in éineacht lena phearsanra féin de réir mar a fhoráiltear sa dara fomhír de mhír 5 sna cásanna seo leanas:
(a)
i gcás ina bhféadfadh imscrúdú nó cigireacht ar an láthair den sórt sin rialacha náisiúnta slándála a shárú nó difear dochrach a dhéanamh do cheannasacht, do shlándáil nó d'ord poiblí an Bhallstáit iarrtha;
(b)
i gcás ina bhfuiltear tar éis imeachtaí breithiúnacha i leith na gcaingne céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna a thionscnamh cheana féin os comhair údaráis an Bhallstáit iarrtha;
(c)
i gcás inar thug údaráis an Bhallstáit iarrtha breithiúnas críochnaitheach cheana féin maidir leis na gníomhaíochtaí céanna agus maidir leis na daoine céanna sin.
|
|
Airteagal 31 7.
|
I gcás ina ndéantar athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta nó imscrúdú lena ngabhann éifeachtaí trasteorann, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann iarraidh chomhpháirteach a chur faoi bhráid CCEFI chun an t-athbhreithniú nó an t-imscrúdú a chomhordú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|