+Airteagal 32 Coláistí údarás inniúil
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.
---+Airteagal 32 5.
---+Airteagal 32 6.
---+Airteagal 32 7.

Airteagal 32 Coláistí údarás inniúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32 1.

Chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 26, agus in Airteagal 31(4) go (6) den Rialachán seo agus in Airteagal 30 de Threoir 2006/43/CE a éascú maidir le hiniúchóirí reachtúla sonracha, maidir le gnólachtaí iniúchóireachta sonracha nó a líonraí, féadfar coláistí a bhunú le rannpháirtíocht údarás inniúil an Bhallstáit baile agus le rannpháirtíocht aon údaráis inniúil eile, ar choinníoll:

(a) 

go bhfuil an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ag soláthar seirbhísí iniúchóireachta reachtúla d'eintitis leasa phoiblí laistigh de dhlínse na mBallstát lena mbaineann; nó

(b) 

go bhfuil brainse ar cuid den ghnólacht iniúchóireachta é bunaithe laistigh de dhlínse na mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 32 2.
I gcás iniúchóirí reachtúla sonracha nó gnólachtaí iniúchóireachta sonracha, gníomhóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile mar éascaitheoir.
Airteagal 32 3.
Maidir le líonraí sonracha, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát ina mbíonn an líonra i mbun gníomhaíochtaí sonracha a iarraidh ar CCEFI coláiste a bhunú le rannpháirtíocht na n-údarás inniúil iarrthach.
Airteagal 32 4.
Laistigh de 15 lá ón tráth a mbunaítear an coláiste údarás inniúil maidir le líonra sonrach, roghnóidh a chomhaltaí éascaitheoir. In éagmais comhaontaithe, ceapfaidh CCEFI éascaitheoir as measc chomhaltaí an choláiste.

Déanfaidh comhaltaí an choláiste athbhreithniú gach cúig bliana ar a laghad ar roghnú an éascaitheora chun a áirithiú go leanann an t-éascaitheoir a roghnaíodh de bheith ina shealbhóir is iomchuí chun an post sin a líonadh.

Airteagal 32 5.
Is é an t-éascaitheoir a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an choláiste, déanfaidh sé comhordú ar ghníomhaíochtaí an choláiste agus áiritheoidh sé go mbeidh malartú éifeachtúil faisnéise ann i measc chomhaltaí an choláiste.
Airteagal 32 6.

Déanfaidh an t-éascaitheoir, laistigh de 10 lá oibre ón tráth a roghnaítear é nó í, socruithe comhordúcháin i scríbhinn a bhunú faoi chuimsiú an choláiste maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

faisnéis atá le malartú i measc údarás inniúil;

(b) 

cásanna ina gcaithfidh údaráis inniúla dul i gcomhairle lena chéile;

(c) 

na cásanna ina ndéanann na húdaráis inniúla cúraimí maoirseachta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 33.

Airteagal 32 7.
In éagmais comhaontaithe maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe faoi mhír 6, féadfaidh aon chomhalta den choláiste an cheist a tharchur chuig CCEFI. Déanfaidh an t-éascaitheoir tuairim a thugann CCEFI uaidh maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe a bhreithniú go cuí sula gcomhaontófar an téacs críochnaitheach. Déanfar na socruithe scríofa comhordaithe a leagan amach i ndoiciméad ina mbeidh míniú lánréasúnaithe ar aon imeacht suntasach ón tuairim a thug CCEFI maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe. Tarchuirfidh an t-éascaitheoir na socruithe scríofa comhordaithe chuig comhaltaí an choláiste agus chuig CCEFI.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.