+Airteagal 36 Comhaontú maidir le faisnéis a mhalartú
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 3.
---+Airteagal 36 4.
|
Airteagal 36 Comhaontú maidir le faisnéis a mhalartú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 36 1.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla comhaontuithe comhoibrithe a thabhairt i gcrích maidir le malartú faisnéise le húdaráis inniúla tríú tíortha ach amháin más rud é, sna tríú tíortha lena mbaineann, go bhfuil an fhaisnéis a nochtar faoi réir ráthaíochtaí i ndáil le rúndacht ghairmiúil, ar ráthaíochtaí iad atá coibhéiseach, ar a laghad, leo sin a leagtar amach in Airteagal 22 agus in Airteagal 34. Déanfaidh na húdaráis inniúla CCEFI comhaontuithe den sórt sin a chur in iúl láithreach do CCEFI agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún láithreach ina leith. Ní mhalartófar faisnéis faoin Airteagal seo ach amháin más gá an fhaisnéis sin a mhalartú chun cúraimí na n-údarás inniúil sin faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Más rud é, maidir leis an malartú faisnéise sin, go ngabhann aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír leis, comhlíonfaidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE agus comhlíonfaidh CCEFI Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.
|
|
Airteagal 36 2.
|
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla leis na húdaráis inniúla nó le comhlachtaí ábhartha eile de chuid tríú tíortha maidir le hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta agus imscrúduithe ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta. Arna iarraidh sin d'údarás inniúil, cuideoidh CCEFI le comhar den sórt sin agus le cóineasú maoirseachta a bhunú le tríú tíortha.
|
|
Airteagal 36 3.
|
I gcás ina mbaineann an comhoibriú nó an malartú faisnéise le páipéir oibre iniúchóireachta nó le doiciméid eile a shealbhaíonn iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, beidh feidhm ag Airteagal 47 de Threoir 2006/43/CE.
|
|
Airteagal 36 4.
|
Ullmhóidh CCEFI treoirlínte maidir le hábhar na gcomhaontuithe comhair agus an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear san Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|