+Airteagal 40 Athbhreithniú agus tuarascálacha
---+Airteagal 40 1.
---+Airteagal 40 2.
---+Airteagal 40 3.
---+Airteagal 40 4.

Airteagal 40 Athbhreithniú agus tuarascálacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 40 1.
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuairisciú ar na hoibríochtaí agus ar éifeachtacht an chórais comhair idir na húdaráis inniúla faoi chuimsiú CCEFI, dá dtagraítear in Airteagal 30, go háirithe i dtaca le feidhmíocht chúraimí CCEFI a shainítear i mír 7 den Airteagal sin.
Airteagal 40 2.
Cuirfear imeachtaí idirnáisiúnta san áireamh san athbhreithniú, go háirithe i ndáil leis an gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha a threisiú agus le cuidiú le feabhas a chur ar shásraí comhair chun formhaoirseacht a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí ar eintitis leasa phoiblí agus ar le heintitis idirnáisiúnta iniúchóireachta iad. Tabharfaidh an Coimisiún a athbhreithniú chun críche faoin 17 Meitheamh 2019.
Airteagal 40 3.
Cuirfear an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus beidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach ina teannta. Breithneofar sa tuarascáil an dul chun cinn atá déanta i réimse an chomhair idir na húdaráis inniúla faoi chuimsiú CCEFI ó cuireadh an creat sin i bhfeidhm ar dtús agus molfar ann bearta eile chun feabhas a chur ar éifeachtacht an chomhair idir údaráis inniúla na mBallstát.
Airteagal 40 4.
Faoin 17 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.