4. Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a fhorlíonadh d’fhonn ábhar agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh de bhun na míreanna sin, lena n-áirítear an mhodheolaíocht atá le húsáid chun iad a chomhlíonadh, a shonrú, agus na sonraíochtaí de ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais araon agus na critéir scagtha theicniúla a bhunaítear de bhun an Rialacháin seo á gcur san áireamh. Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe sin faoin 1 Meitheamh 2021.