+Airteagal 8 Trédhearcacht ghnóthais i ráitis neamhairgeadais
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
|
Airteagal 8 Trédhearcacht ghnóthais i ráitis neamhairgeadais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. Aon ghnóthas atá faoi réir oibleagáide faisnéis neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagal 19(a) nó Airteagal 29(a) de Threoir 2013/34/AE, áireoidh sé ina ráiteas neamhairgeadais nó ina ráiteas comhdhlúite neamhairgeadais faisnéis maidir leis an gcaoi agus a mhéid a bhaineann gníomhaíochtaí an ghnóthais le gníomhaíochtaí airgeadais a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí airgeadais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagail 3 agus 9 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 8 2
|
2. Go háirithe, déanfaidh gnóthais neamhairgeadais an méid seo a leanas a nochtadh:
|
(a)
|
cion a láimhdeachais a thagann ó tháirgí nó ó sheirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí airgeadais a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí airgeadais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagail 3 agus 9; agus
|
|
(b)
|
cion a gcaiteachas caipitil agus cion a gcaiteachas oibríochtúil a bhaineann le sócmhainní nó próisis a ghabhann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar a leagtar amach in Airteagail 3 agus 9.
|
|
|
Airteagal 8 3
|
3. I gcás ina bhfoilsíonn gnóthas faisnéis neamh-airgeadais de bhun Airteagal 19a nó Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE i dtuarascáil ar leith i gcomhréir le hAirteagal 19a(4) nó Airteagal 29a(4) den Treoir sin, foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo sa tuarascáil ar leith sin.
|
|
Airteagal 8 4
|
4. Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a fhorlíonadh d’fhonn ábhar agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh de bhun na míreanna sin, lena n-áirítear an mhodheolaíocht atá le húsáid chun iad a chomhlíonadh, a shonrú, agus na sonraíochtaí de ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais araon agus na critéir scagtha theicniúla a bhunaítear de bhun an Rialacháin seo á gcur san áireamh. Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe sin faoin 1 Meitheamh 2021.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0852
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|