+Airteagal 15 Rannchuidiú substaintiúil le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
---+Airteagal 15 5
|
Airteagal 15 Rannchuidiú substaintiúil le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1
|
1. Measfar go gcáileoidh gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn go substaintiúil h le héiceachórais a chosaint agus a athbhunú i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go substaintiúil le cosaint, caomhnú nó le hathbhunú bithéagsúlachta nó le dea-riocht éiceachóras a bhaint amach, nó éiceachórais atá i ndea-riocht cheana féin a chosaint, trí:
|
(a)
|
caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta, lena n-áirítear stádas caomhantais fabhrach do ghnáthóga agus speicis nádúrtha agus breacnádúrtha a bhaint amach, nó a meathlú a chosc i gcás ina bhfuil stádas caomhantais fabhrach acu cheana féin, éiceachórais talún, éiceachórais mhuirí agus éiceachórais uisceacha eile a chosaint agus a athbhunú d’fhonn feabhas a chur ar a staid agus feabhas a chur ar a n-acmhainneacht seirbhísí éiceachórais a sholáthar;
|
|
(b)
|
úsáid agus bainistiú inbhuanaithe talún, lena n-áirítear cosaint leordhóthanach ar bhithéagsúlacht ithreach, neodracht ó thaobh díghrádú talún, agus láithreáin fhabhtaithe a fheabhsú;
|
|
(c)
|
cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear iad siúd a chuireann leis an mbithéagsúlacht a fheabhsú nó chun díghrádú ithreacha agus éiceachóras eile, dífhoraoisiú agus caillteanas gnáthóige a stopadh nó a chosc;
|
|
(d)
|
bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, lena n-áirítear cleachtais agus úsáidí foraoisí agus talamh foraoise a chuireann le bithéagsúlacht a fheabhsú nó le díghrádú éiceachóras, dífhoraoisiú agus caillteanas gnáthóg a stopadh nó a chosc; nó
|
|
(e)
|
aon cheann de na gníomhachtaí a liostaítear i bpointí (a) go (d) den mhír seo a chumasú de réir Airteagal 16.
|
|
|
Airteagal 15 2
|
2. Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun:
|
(a)
|
mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla a bhunú leis na coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad faoina measfar, go gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach mar ghníomhaíocht eacnamaíoch shonrach a rannchuidíonn go substaintiúil le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a fheabhsú; agus
|
|
(b)
|
Airteagal 17 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar, go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil critéir scagtha theicniúla bunaithe ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.
|
|
|
Airteagal 15 3
|
3. Sula nglacfaidh sé an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán leis an Ardán dá dtagraítear in Airteagal 20 maidir leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 15 4
|
4. Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i ngníomh tarmligthe amháin agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 19 á gcur san áireamh aige.
|
|
Airteagal 15 5
|
5. Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 faoin 31 Nollaig 2021, d’fhonn a chur i bhfeidhm a áirithiú ón 1 Eanáir 2023.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0852
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|