+Airteagal 17 Dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil
---+Airteagal 17 1
---+Airteagal 17 2
|
Airteagal 17 Dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1
|
1. Chun críocha phointe (b) d’Airteagal 3, agus saolré na dtáirgí agus na seirbhísí a sholáthraítear trí ghníomhaíocht eacnamaíoch á gcur san áireamh, lena n-áirítear fianaise ó mheasúnuithe saolré atá ann cheana, measfar go ndéanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch sin dochar suntasach don mhéid seo a leanas:
|
(a)
|
maolú ar an athrú aeráide, i gcás ina mbíonn an ghníomhaíocht sin ina cúis le hastaíochtaí suntasach gás ceaptha teasa;
|
|
(b)
|
oiriúnú don athrú aeráide, i gcás inar cúis í an ghníomhaíocht sin le méadú ar an drochthionchar atá ag an aeráid atá ann faoi láthair agus ag an aeráid a cheaptar a bheidh ann amach anseo ar an ngníomhaíocht féin nó ar dhaoine, ar an dúlra nó ar shócmhainní eile;
|
|
(c)
|
úsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, i gcás ina ndéanann an ghníomhaíocht sin dochar:
|
(i)
|
do dhea-stádas nó do dhea-acmhainneacht éiceolaíoch dobharlach, lena n-áirítear uiscí dromchla agus screamhuisce; nó
|
|
(ii)
|
do dhea-stádas comhshaoil uiscí mara;
|
|
|
(d)
|
an geilleagar ciorclach, lena n-áirítear cosc agus athchúrsáil ar dhramhaíl, i gcás:
|
(i)
|
ina mbíonn neamhéifeachtúlachtaí suntasacha i gceist maidir le húsáid ábhar agus úsáid dhíreach nó indíreach acmhainní nádúrtha amhail foinsí fuinnimh neamh-inathnuaite, amhábhair, uisce agus talamh ag céim amháin nó níos mó de shaolré táirgí de bharr na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear i dtéarmaí marthanacht, indeisithiteacht, in-uasghrádaitheacht, in-athúsáidteacht nó in-athchúrsáilteacht táirgí;
|
|
(ii)
|
ina dtagann méadú suntasach ar ghiniúint, loscadh nó diúscairt dramhaíola de bharr na gníomhaíochta sin, cé is moite de dhramhaíl ghuaiseach nach bhfuil in-athchúrsáilte a loscadh, nó
|
|
(iii)
|
ina bhféadfadh diúscairt fhadtéarmach dramhaíola dochar suntasach fadtéarmach a dhéanamh don chomhshaol;
|
|
|
(e)
|
cosc agus rialú ar thruailliú i gcás ina dtagann méadú suntasach ar na hastaíochtaí truailleán san aer, san uisce nó sa talamh de bharr na gníomhaíochta sin, i gcomparáid leis an gcás sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht; nó
|
|
(f)
|
bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, i gcás ina ndéanann an ghníomhaíocht sin:
|
(i)
|
díobháil shuntasach do dhea-bhail agus d’athléimneacht éiceachóras nó
|
|
(ii)
|
díobháil do stádas caomhantais gnáthóg agus speiceas, lena n-áirítear iad sin ar leas an Aontais iad.
|
|
|
|
Airteagal 17 2
|
2. Agus measúnú á dhéanamh ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i gcomparáid le critéir a leagtar amach i mír 1, cuirfear san áireamh tionchar na gníomhaíochta ar an gcomhshaol, le tionchair na dtáirgí agus na seirbhísí a sholáthraíonn an ghníomhaíocht sin le linn a saolré ar an gcomhshaol, go háirithe trí tháirgeadh, úsáid agus deireadh ré na dtáirgí agus na seirbhísí sin a mheas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0852
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|