1. Is éard a bheidh sna coimircí íosta dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3 nósanna imeachta arna gcur chun feidhme ag gnóthas a bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch á déanamh aige lena áirithiú go mbeidh ailíniú le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, lena n-áirítear na prionsabail agus na cearta a leagtar amach sna hocht gcoinbhinsiún bhunúsacha a shainaithnítear i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail agus Cearta Bhunúsacha ag an Obair agus na prionsabail agus na cearta a leagtar amach sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine.