5. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta ar na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcás inarb iomchuí, leasóidh sé na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta.
Sa chomhthéacs sin, sula ndéanfar gníomh tarmligthe a leasú nó a ionadú, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme na gcritéar sin, ina gcuirfear san áireamh toradh iad a bheith á gcur i bhfeidhm ag rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus a dtionchar ar na margaí caipitil, lena n-áirítear ar threorú infheistíochta i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
Lena áirithiú go bhfanfaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(2) ar chonair aistrithe inchreidte a bheidh comhsheasmhach le geilleagar aeráid-neodrach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na critéir scagtha theicniúla i leith na ngníomhaíochtaí sin gach trí bliana ar a laghad agus, i gcás inarb iomchuí, leasóidh sé an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10(3) i gcomhréir le forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha.