+Airteagal 20 An tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe
---+Airteagal 20 1
---+Airteagal 20 2
---+Airteagal 20 3
---+Airteagal 20 4
---+Airteagal 20 5
---+Airteagal 20 6
|
Airteagal 20 An tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1
|
1. Bunóidh an Coimisiún Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe (an “tArdán”). Ar an Ardán beidh na grúpaí seo a leanas ar bhealach cothrom:
|
(a)
|
ionadaithe ó:
|
(i)
|
an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil;
|
|
(iii)
|
an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta; agus
|
|
(iv)
|
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha;
|
|
|
(b)
|
saineolaithe mar ionadaithe do gheallsealbhóirí príobháideacha ábhartha, lena n-áirítear rannpháirtithe sna margaí airgeadais agus neamh-airgeadais agus earnálacha gnó, mar ionadaithe do thionscail ábhartha, agus na daoine sin a bhfuil saineolas ar chuntasaíocht agus ar thuairisciú acu;
|
|
(c)
|
saineolaithe mar ionadaithe don tsochaí shibhialta, lena n-áirítear na daoine sin a bhfuil saineolas acu i réimse na saincheisteanna comhshaoil, sóisialta, saothair agus rialachais;
|
|
(d)
|
saineolaithe arna gceapadh i gcáil phearsanta, a bhfuil eolas agus taithí chruthaithe acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo;
|
|
(e)
|
saineolaithe mar ionadaithe do shaol an léinn, lena n-áirítear ollscoileanna, institiúidí taighde agus eagraíochtaí eolaíocha eile, lena n-áirítear na daoine sin a bhfuil saineolas domhanda acu.
|
|
|
Airteagal 20 2
|
2. Déanfaidh an tArdán an méid seo a leanas:
|
(a)
|
cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 19, chomh maith leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann na critéir sin a thabhairt cothrom le dáta;
|
|
(b)
|
déanfaidh sé anailís ar thionchar na gcritéar scagtha teicniúil i dtéarmaí na gcostas agus na sochar féideartha a bhaineann lena gcur i bhfeidhm;
|
|
(c)
|
cuideoidh sé leis an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar iarratais ó gheallsealbhóirí ar chritéir scagtha theicniúla a fhorbairt nó a athbhreithniú i leith gníomhaíocht eacnamaíoch áirithe;
|
|
(d)
|
cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí, maidir leis an ról a d’fhéadfadh a bheith ag cuntasaíocht inbhuanaitheachta agus ag caighdeáin tuairiscithe chun tacú le cur i bhfeidhm na gcritéar scagtha teicniúil;
|
|
(e)
|
déanfaidh sé faireachán ar threochtaí ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát a mhéid a bhaineann le sreafaí caipitil go hinfheistíocht inbhuanaithe agus tuairisceoidh sé go rialta don Choimisiún ina leith;
|
|
(f)
|
cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith le bearta breise a fhorbairt chun infhaighteacht agus cáilíocht sonraí a fheabhsú;
|
|
(g)
|
cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir le hinúsáidteacht na gcritéar scagtha teicniúil, agus aird á tabhairt ar an ngá ualaigh riaracháin míchuí a sheachaint;
|
|
(h)
|
cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann an Rialachán seo a leasú;
|
|
(i)
|
cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir le beartais airgeadais inbhuanaithe a mheas agus a fhorbairt, lena n-áirítear saincheisteanna maidir le comhtháthú beartais;
|
|
(j)
|
cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta eile, lena n-áirítear cuspóirí sóisialta;
|
|
(k)
|
cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann na ceanglais a fhorlíonadh.
|
|
|
Airteagal 20 3
|
3. Cuirfidh an tArdán réimse leathan tuairimí geallsealbhóirí san áireamh.
|
|
Airteagal 20 4
|
4. Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar an Ardán agus bunófar é i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha maidir le grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin a chruthú agus a oibriú. Ós amhlaidh atá, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt ar bhonn ad hoc do shaineolaithe a bhfuil saineolas sonrach acu.
|
|
Airteagal 20 5
|
5. Cuirfidh an tArdán a chuid cúraimí i gcrích i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta. Foilseoidh an Coimisiún miontuairiscí chruinnithe an Ardáin agus doiciméid ábhartha eile ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
|
|
Airteagal 20 6
|
6. Maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch nach gcomhlíonann na critéir scagtha theicniúla arna mbunú de bhun an Rialacháin seo nó nach bhfuil na critéir scagtha theicniúla den chineál sin bunaithe fós ina leith, i gcás ina measann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais gur cheart don ghníomhaíocht eacnamaíoch sin cáiliú mar cheann atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, féadfaidh siad an tArdán a chur ar an eolas faoi sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0852
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|