|
+Airteagal 7 1. |
Airteagal 7 1.Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas:
(a)
comhsheasmhacht na mbeart náisiúnta a shainaithnítear, ar bhonn na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, na straitéisí fadtéarmacha náisiúnta, agus na dtuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn arna dtíolacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, mar bhearta ábhartha don chuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) den Rialachán seo a bhaint amach, leis an gcuspóir sin;
(b)
comhsheasmhacht na mbeart ábhartha náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar dul chun cinn maidir leis an oiriúnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 5, agus straitéisí náisiúnta maidir leis an oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 5(4) á gcur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún conclúidí an mheasúnaithe sin, mar aon leis an tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|