+Airteagal 7 Measúnú ar bhearta náisiúnta
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
|
Airteagal 7 Measúnú ar bhearta náisiúnta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas:
(a)
comhsheasmhacht na mbeart náisiúnta a shainaithnítear, ar bhonn na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, na straitéisí fadtéarmacha náisiúnta, agus na dtuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn arna dtíolacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, mar bhearta ábhartha don chuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) den Rialachán seo a bhaint amach, leis an gcuspóir sin;
(b)
comhsheasmhacht na mbeart ábhartha náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar dul chun cinn maidir leis an oiriúnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 5, agus straitéisí náisiúnta maidir leis an oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 5(4) á gcur san áireamh.
Déanfaidh an Coimisiún conclúidí an mheasúnaithe sin, mar aon leis an tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
|
|
Airteagal 7 2.
|
I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún, tar éis aird chuí a thabhairt ar an dul chun cinn comhchoiteann arna mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 6(1), go bhfuil bearta Ballstáit ar neamhréir leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) nó go bhfuil siad ar neamhréir lena áirithiú go ndéanfar dul chun cinn maidir leis an oiriúnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 5, féadfaidh sé moltaí a eisiúint chuig an mBallstát sin. Cuirfidh an Coimisiún na moltaí sin ar fáil go poiblí.
|
|
Airteagal 7 3.
|
I gcás ina n-eiseofar moltaí i gcomhréir le mír 2, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
(a)
déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de 6 mhí ó na moltaí a fháil, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta atá beartaithe aige a ghlacadh chun aird chuí a thabhairt ar na moltaí, de mheon dlúthpháirtíochta idir Ballstáit agus an tAontas agus idir na Ballstáit;
(b)
tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a thíolacadh, leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach sa tuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn a chuirfidh sé isteach ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, sa bhliain tar éis na bliana inar eisíodh na moltaí, an chaoi a bhfuil aird chuí tugtha aige ar na moltaí; má chinneann an Ballstát lena mbaineann gan dul i ngleic leis na moltaí nó le cuid shuntasach de, cuirfidh an Ballstát sin a réasúnaíocht chuig an gCoimisiún;
(c)
beidh na moltaí ina gcomhlánú ar na moltaí tírshonracha is déanaí arna n-eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 07.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1119
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|