|
+Airteagal 8 3. |
Airteagal 8 3.Sa bhreis ar na bearta náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(1), bunóidh an Coimisiún a mheasúnuithe dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 ar an méid seo a leanas, ar a laghad:
(a)
faisnéis a chuirtear isteach agus a thuairiscítear faoi Rialachán (AE) 2018/1999;
(b)
tuarascálacha ó EEA, ón mBord Comhairleach agus ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin;
(c)
staidreamh agus sonraí Eorpacha agus domhanda, lena n-áirítear staidreamh agus sonraí ó Chlár an Aontais um Fhaire agus um Fhaireachán na Cruinne Copernicus, sonraí maidir le caillteanais arna dtuairisciú agus arna réamh-mheas de bharr drochthionchair aeráide agus meastacháin ar na costais a bhaineann le neamhghníomhaíocht nó le gníomhaíocht mhoillithe, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;
(d)
an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC, ó IPBES agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile; agus
(e)
aon fhaisnéis fhorlíontach maidir le hinfheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ag an Aontas nó ag Ballstáit, lena n-áirítear, nuair a bhíonn fáil uirthi, infheistíocht atá comhchuí le Rialachán (AE) 2020/852. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|