+Airteagal 8 Forálacha coiteanna maidir le measúnú an Choimisiúin
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
|
Airteagal 8 Forálacha coiteanna maidir le measúnú an Choimisiúin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Déanfaidh an Coimisiún an chéad mheasúnú agus an dara measúnú uaidh, dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7, a bhunú ar chonair líneach tháscach ar a leagtar amach an bealach chun glanastaíochtaí a laghdú ar leibhéal an Aontais agus lena nascfar sprioc aeráide an Aontais do 2030 dá dtagraítear in Airteagal 4(1), sprioc aeráide an Aontais do 2040, nuair a ghlacfar í, agus an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1).
|
|
Airteagal 8 2.
|
Tar éis an chéad mheasúnú agus an dara measúnú dá dtagraítear i mír 1, bunóidh an Coimisiún aon mheasúnú ina dhiaidh sin ar chonair líneach tháscach lena nascfar sprioc aeráide an Aontais do 2040, nuair a ghlacfar í, agus an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1).
|
|
Airteagal 8 3.
|
Sa bhreis ar na bearta náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(1), bunóidh an Coimisiún a mheasúnuithe dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 ar an méid seo a leanas, ar a laghad:
(a)
faisnéis a chuirtear isteach agus a thuairiscítear faoi Rialachán (AE) 2018/1999;
(b)
tuarascálacha ó EEA, ón mBord Comhairleach agus ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin;
(c)
staidreamh agus sonraí Eorpacha agus domhanda, lena n-áirítear staidreamh agus sonraí ó Chlár an Aontais um Fhaire agus um Fhaireachán na Cruinne Copernicus, sonraí maidir le caillteanais arna dtuairisciú agus arna réamh-mheas de bharr drochthionchair aeráide agus meastacháin ar na costais a bhaineann le neamhghníomhaíocht nó le gníomhaíocht mhoillithe, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;
(d)
an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC, ó IPBES agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile; agus
(e)
aon fhaisnéis fhorlíontach maidir le hinfheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ag an Aontas nó ag Ballstáit, lena n-áirítear, nuair a bhíonn fáil uirthi, infheistíocht atá comhchuí le Rialachán (AE) 2020/852.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Tabharfaidh EEA cúnamh don Choimisiún agus na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 á ullmhú, i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 07.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1119
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|