+Airteagal 5c Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a dheimhniú
---+Airteagal 5c 1.
---+Airteagal 5c 2.
---+Airteagal 5c 3.
---+Airteagal 5c 4.
---+Airteagal 5c 5.
---+Airteagal 5c 6.
---+Airteagal 5c 7.
---+Airteagal 5c 8.
|
Airteagal 5c Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a dheimhniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5c 1.
|
Is comhlachtaí measúnaithe comhréireachta arna n-ainmniú ag na Ballstáit a dheimhneoidh comhréireacht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití agus na scéime ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear iad leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5a(4), (5), (8), an ceanglas maidir le deighilt loighciúil a leagtar síos in Airteagal 5a(14) agus, i gcás inarb infheidhme, leis na caighdeáin agus na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 5a(24).
|
|
Airteagal 5c 2.
|
Déanfar comhréireacht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó codanna díobh, atá ábhartha don chibearshlándáil a dheimhniú i gcomhréir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
) agus dá dtagraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 5c 3.
|
I gcás na gceanglas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nach bhfuil ábhartha don chibearshlándáil, agus, i gcás na gceanglas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo atá ábhartha don chibearshlándáil, a mhéid nach gcumhdaítear na ceanglais chibearshlándála sin, nó nach gcumhdaítear iad ach go páirteach, leis na scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, bunóidh na Ballstáit, i gcás na gceanglas sin freisin, scéimeanna náisiúnta um dheimhniú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Tarchuirfidh na Ballstáit a ndréachtscéimeanna náisiúnta um dheimhniú chuig an nGrúpa Comhair Eorpach maidir le Céannacht Dhigiteach a bhunaítear de bhun Airteagal 46e(1) (“an Grúpa Comhair”). Féadfaidh an Grúpa Comhair tuairimí agus moltaí a eisiúint.
|
|
Airteagal 5c 4.
|
Beidh deimhniú de bhun mhír 1 bailí ar feadh suas le 5 bliana, ar choinníoll go ndéantar measúnú leochaileachta gach 2 bhliain. I gcás ina sainaithnítear leochaileacht agus nach leigheastar í go tráthúil, déanfar an deimhniú a chur ar ceal.
|
|
Airteagal 5c 5.
|
Féadfar comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 5a den Rialachán seo a bhaineann leis na hoibríochtaí próiseála sonraí pearsanta a dheimhniú de bhun Rialachán (AE) 2016/679.
|
|
Airteagal 5c 6.
|
Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta chun Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a dheimhniú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
|
|
Airteagal 5c 7.
|
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit uile.
|
|
Airteagal 5c 8.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 lena mbunaítear critéir shonracha a bheidh le comhlíonadh ag na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta ainmnithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0910
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|