+Airteagal 5e Sárú slándála ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití
---+Airteagal 5e 1.
---+Airteagal 5e 2.
---+Airteagal 5e 3.
---+Airteagal 5e 4.
---+Airteagal 5e 5.
|
Airteagal 5e Sárú slándála ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5e 1.
|
I gcás ina sáraítear Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthraítear de bhun Airteagal 5a, na sásraí bailíochtaithe dá dtagraítear in Airteagal 5a(8) nó an scéim ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití nó i gcás ina gcuirtear iad i mbaol go páirteach ar bhealach a mbeadh éifeacht aige ar a n-iontaofacht nó ar iontaofacht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití eile, déanfaidh an Ballstát a sholáthair na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, gan moill mhíchuí, soláthar agus úsáid na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití a chur ar fionraí. I gcás ina bhfuil údar leis de bharr dhéine an tsáraithe slándála nó an chur i mbaol dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Ballstát na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a tharraingt siar gan moill mhíchuí. Cuirfidh an Ballstát na húsáideoirí dá ndéantar difear, na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1), na páirtithe is úsáideoirí agus an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
|
|
Airteagal 5e 2.
|
Mura ndéantar an sárú slándála nó an cur i mbaol dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo a leigheas laistigh de 3 mhí ón bhfionraí, déanfaidh an Ballstát a sholáthair na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití iad a tharraingt siar agus a mbailíocht a chúlghairm. Cuirfidh an Ballstát na húsáideoirí dá ndéantar difear, na pointí teagmhála aonair a ainmnítear de bhun Airteagal 46c(1), na páirtithe is úsáideoirí agus an Coimisiún ar an eolas faoin tarraingt siar dá réir sin.
|
|
Airteagal 5e 3.
|
I gcás ina leigheasfar an sárú nó an cur i mbaol dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát is soláthraí soláthar agus úsáid na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití a athbhunú agus cuirfidh sé na húsáideoirí agus na páirtithe is úsáideoirí dá ndéantar difear, na pointí teagmhála aonair a ainmnítear de bhun Airteagal 46c(1) agus an Coimisiún ar an eolas gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 5e 4.
|
Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5d in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 5e 5.
|
Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh na mbeart dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0910
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|