|
+Airteagal 8 3. |
Airteagal 8 3.Faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh, agus faoi réir mhír 2, leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, íos-sonraíochtaí teicniúla, íoschaighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla íosta ag tagairt do na leibhéil dearbhaithe atá sonraithe do mhodhanna ríomh-shainaitheantais, íseal, “suntasach” nó “ard”.; Leagfar amach na híos-sonraíochtaí teicniúla, na híoschaighdeáin teicniúla agus na híosnósanna imeachta teicniúla trí thagairt d’iontaofacht agus do cháilíocht an méid a leanas:
(a)
an nós imeachta trína dtugtar cruthúnas agus fíorú maidir le céannacht daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar mhodh ríomh-shainaitheantais;
(b)
an nós imeachta trína n-eisítear an modh ríomh-shainaitheantais a iarraidh;
(c)
an sásra fhíordheimhnithe, trína n-úsáideann an duine nádúrtha nó dlítheanach an modh ríomh-shainaitheantais chun a chéannacht a dheimhniú don pháirtí is úsáideoir;
(d)
an t-eintiteas a eisíonn an modh ríomh-shainaitheantais;
(e)
aon chomhlacht eile atá bainteach leis an iarratas ar mhodh ríomh-shainaitheantais a eisiúint; agus
(f)
sonraíochtaí teicniúla agus slándála an mhodha ríomh-shainaitheantais a eisítear. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|