|
+Airteagal 24 1b. |
Airteagal 24 1b.Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, go díreach nó trí bhíthin tríú páirtí, an fíorú ar na saintréithe dá dtagraítear i mír 1, ar bhealach iomchuí, ar bhonn ceann amháin de na modhanna seo a leanas nó, i gcás inar gá, ar mheascán díobh, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1c:
(a)
trí bhíthin na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití nó trí mhodh ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i ndáil leis an leibhéal dearbhaithe “ard”;
(b)
trí bhíthin deimhniú ríomhshínithe cháilithe nó deimhniú ríomhshéala cháilithe, arna eisiúint i gcomhréir le mír 1a, pointe (a), (c) nó (d);
(c)
trí bhíthin ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe;
(d)
trí mhodhanna eile a úsáid, lena n-áirithítear saintréithe a fhíorú le leibhéal ard muiníne, modhanna a ndearbhóidh comhlacht measúnaithe comhréireachta a gcomhréireacht;
(e)
trí bhíthin láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, trí bhíthin fianaise iomchuí agus na nósanna imeachta iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|