+Airteagal 24 Ceanglais do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 1a.
---+Airteagal 24 1b.
---+Article 24 1c.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 4a.
---+Airteagal 24 4b.
---+Airteagal 24 5.
|
Airteagal 24 Ceanglais do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1.
|
Agus deimhniú cáilithe nó ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe á eisiúint aige, fíoróidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe céannacht agus, más infheidhme, aon saintréithe sonracha de chuid an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh dá bhfuil an deimhniú cáilithe nó an ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe le heisiúint.
|
|
Airteagal 24 1a.
|
Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, go díreach nó trí bhíthin tríú páirtí, an fíorú ar na gcéannacht dá dtagraítear i mír 1, ar bhealach iomchuí, ar bhonn ceann amháin de na modhanna seo a leanas nó, nuair is gá, ar mheascán díobh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1c:
(a)
trí bhíthin na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití nó trí mhodh ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i ndáil leis an leibhéal dearbhaithe “ard”;
(b)
trí bhíthin deimhniú ríomhshínithe cháilithe nó deimhniú ríomhshéala cháilithe, arna eisiúint i gcomhréir le pointe (a), (c) nó (d);
(c)
trí mhodhanna sainaitheantais eile a úsáid lena n-áirithítear sainaithint an duine le leibhéal ard muiníne, modhanna a ndearbhóidh comhlacht measúnaithe comhréireachta a gcomhréireacht;
(d)
trí láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, trí bhíthin fianaise iomchuí agus na nósanna imeachta iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 24 1b.
|
Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, go díreach nó trí bhíthin tríú páirtí, an fíorú ar na saintréithe dá dtagraítear i mír 1, ar bhealach iomchuí, ar bhonn ceann amháin de na modhanna seo a leanas nó, i gcás inar gá, ar mheascán díobh, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1c:
(a)
trí bhíthin na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití nó trí mhodh ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i ndáil leis an leibhéal dearbhaithe “ard”;
(b)
trí bhíthin deimhniú ríomhshínithe cháilithe nó deimhniú ríomhshéala cháilithe, arna eisiúint i gcomhréir le mír 1a, pointe (a), (c) nó (d);
(c)
trí bhíthin ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe;
(d)
trí mhodhanna eile a úsáid, lena n-áirithítear saintréithe a fhíorú le leibhéal ard muiníne, modhanna a ndearbhóidh comhlacht measúnaithe comhréireachta a gcomhréireacht;
(e)
trí bhíthin láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, trí bhíthin fianaise iomchuí agus na nósanna imeachta iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
|
|
Article 24 1c.
|
By 21 May 2025, the Commission shall, by means of implementing acts, establish a list of reference standards and, where necessary, establish specifications and procedures for the verification of identity and attributes in accordance with paragraphs 1, 1a and 1b of this Article. Those implementing acts shall be adopted in accordance with the examination procedure referred to in Article 48(2).
|
|
Airteagal 24 2.
|
Déanfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe an méid seo a leanas:
▼M2
(a)
cuirfidh sé an comhlacht maoirseachta ar an eolas 1 mhí amháin ar a laghad sula gcuirfear chun feidhme aon athrú ar sholáthar a sheirbhísí iontaoibhe cáilithe nó 3 mhí ar a laghad i gcás ina bhfuil sé beartaithe deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí sin;
▼B
(b)
fostóidh sé foireann agus, más infheidhme, fochonraitheoirí a mbeidh an saineolas, an iontaofacht, an taithí agus na cáilíochtaí a mbeidh gá leo acu araon agus a mbeidh oiliúint iomchuí curtha orthu maidir leis na rialacha slándála agus cosanta sonraí pearsanta agus cuirfidh siad nósanna imeachta riaracháin agus bainistithe i bhfeidhm a bheidh ar chomhchéim le caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta;
(c)
i dtaca leis an riosca dliteanais i leith damáistí i gcomhréir le hAirteagal 13, coinneoidh sé dóthain acmhainní airgeadais agus/nó gheobhaidh sé árachas iomchuí i gcoinne dliteanais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
▼M2
(d)
roimh dhul isteach i gcaidreamh conarthach, déanfaidh sé aon duine ar mian leis nó léi seirbhís iontaoibhe cháilithe a úsáid, a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir, cuimsitheach a bhfuil rochtain éasca air, i spás poiblí a bhfuil rochtain ag an bpobal air agus go leithleach, faoi na téarmaí beachta agus na coinníollacha beachta maidir le húsáid na seirbhíse sin, lena n-áirítear aon srianta ar a húsáid;
(e)
déanfaidh sé córais iontaofa agus táirgí iontaofa a úsáid atá cosanta ar mhodhnú agus déanfaidh sé slándáil theicniúil agus iontaofacht na bpróiseas a láimhseálann siad a áirithiú, lena n-áirítear úsáid a bhaint as teicnící cripteagrafacha oiriúnacha;
▼B
(f)
déanfaidh sé córais iontaofa a úsáid chun sonraí a thabharfar dó a stóráil i bhfoirm infhíoraithe, sa dóigh gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:
(i)
níl na sonraí ar fáil don phobal chun aisghabhála ach sa chás go bhfuarthas cead an duine a mbaineann na sonraí sin leis,
(ii)
ní féidir ach le daoine údaraithe iontrálacha agus athruithe a dhéanamh ar na sonraí a stóráiltear,
(iii)
is féidir fíordheimhniú na sonraí a sheiceáil;
▼M2
(fa)
d’ainneoin Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555, beidh beartais iomchuí aige agus déanfaidh sé bearta comhfhreagracha chun bainistiú a dhéanamh ar rioscaí dlíthiúla, gnó agus oibríochtúla agus rioscaí díreacha nó indíreacha eile do sholáthar na seirbhíse iontaoibhe cáilithe, lena n-áirítear ar a laghad bearta a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(i)
nósanna imeachta clárúcháin agus ionduchtúcháin le haghaidh seirbhíse;
(ii)
seiceálacha nós imeachta nó riaracháin;
(iii)
seirbhísí a bhainistiú agus a chur chun feidhme;
(fb)
tabharfaidh sé fógra don chomhlacht maoirseachta, do na daoine aonair inaitheanta dá ndéantar difear, do chomhlachtaí ábhartha inniúla eile i gcás inarb infheidhme agus, arna iarraidh sin don chomhlacht maoirseachta, don phobal más chun leas an phobail é, maidir le haon sáruithe slándála nó aon chur isteach ar sholáthar na seirbhíse nó ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i bpointe (fa)(i), (ii) nó (iii) a bhfuil tionchar suntasach acu ar an tseirbhís iontaoibhe a sholáthraítear nó ar na sonraí pearsanta a choimeádtar inti, gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig ón teagmhas;
▼M2
(g)
déanfaidh sé bearta iomchuí in aghaidh sonraí a bhrionnú, a ghoid nó a mhíleithreasú nó, gan cheart, sonraí a scriosadh, a athrú nó a dhéanamh dorochtana;
(h)
déanfaidh sé taifead ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann le sonraí a eisíonn agus a fhaigheann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus coinneoidh sé ar fáil í cibé fad is gá tar éis dheireadh ghníomhaíochtaí uile an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe chun fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla agus chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Féadfar taifeadadh den sórt sin a dhéanamh go leictreonach;
(i)
beidh plean foirceanta aige atá cothrom le dáta chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcomhréir le forálacha a fhíoraíonn an comhlacht maoirseachta de bhun Airteagal 46b(4), pointe (i);
▼M2 —————
▼B
(k)
maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe, bunóidh sé bunachar sonraí deimhnithe suas chun dáta.
Féadfaidh an comhlacht maoirseachta faisnéis a iarraidh sa bhreis ar an bhfaisnéis ar tugadh fógra ina leith de bhun phointe (a) den chéad fhomhír nó an toradh ar mheasúnú comhréireachta a iarraidh agus féadfaidh sé coinníoll a chur le deonú an cheada chun na hathruithe atá beartaithe ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chur chun feidhme. Mura gcuirfear an fíorú i gcrích laistigh de 3 mhí tar éis an fhógra, cuirfidh an comhlacht maoirseachta na cúiseanna leis an moill in iúl don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, agus an tréimhse ar lena linn atá an fíorú le cur i gcrích á sonrú aige.
|
|
Airteagal 24 3.
|
I gcás ina gcinneann soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe deimhniú a chúlghairm, déanfaidh siad an chúlghairm sin a chlárú ina mbunachar sonraí deimhnithe agus déanfaidh siad stádas cúlghairme an deimhnithe a fhoilsiú go tráthúil, ach i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm a luaithe a fhoilseofar é.
|
|
Airteagal 24 4.
|
Maidir le mír 3, soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eiseoidh deimhnithe cáilithe, cuirfidh siad ar fáil d’aon pháirtí is úsáideoir faisnéis maidir le stádas bailíochta nó stádas cúlghairme deimhnithe cáilithe a d’eisigh siad. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar a laghad ar bhonn deimhnithe tráth ar bith agus i ndiaidh thréimhse bailíochta an deimhnithe, ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa, saor in aisce agus éifeachtúil.
|
|
Airteagal 24 4a.
|
Beidh feidhm dá réir sin ag míreanna 3 agus 4 maidir le ríomhdhearbhuithe saintréithe cáilithe a chúlghairm.
|
|
Airteagal 24 4b.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47, lena mbunaítear bearta breise dá dtagraítear i mír 2, pointe (fa), den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 24 5.
|
Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, bunóidh sé sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh na gceanglas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo den Airteagal seo á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíontar na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0910
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|