+Airteagal 44 Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe
---+Airteagal 44 1.
---+Airteagal 44 1a.
---+Airteagal 44 2.
---+Airteagal 44 2a.
---+Airteagal 44 2b.
|
Airteagal 44 Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 44 1.
|
Comhlíonfaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe na ceanglais seo a leanas:
(a)
go ndéanann soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe amháin nó níos mó iad a sholáthar;
(b)
ní mór go n-áirítear leo sainaithint an tseoltóra le hardleibhéal iontaoibhe;
(c)
ní mór dóibh aitheantas an tseolaí a áirithiú sula seachadfar na sonraí;
(d)
caithfear seoladh agus glacadh sonraí a shlánú le ríomhshíniú ardleibhéil nó ag ríomhshéala ardleibhéil de chuid soláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe ar bhealach a chuirfidh bac ar aon fhéidearthacht na sonraí a athrú go dobhraite;
(e)
aon athrú sonraí is gá a dhéanamh ar mhaithe le seoladh agus glacadh na sonraí, ní foláir é a chur in iúl go follasach do sheoltóir agus do sheolaí na sonraí;
(f)
is gá dáta agus am seolta na sonraí, dáta glactha na sonraí agus dáta aon athruithe ar na sonraí a léiriú le ríomhstampa ama cáilithe;
I gcás go bhfuil na sonraí á n-aistriú idir dhá sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó níos mó, beidh feidhm ag na ceanglais i bpointe (a) go pointe (f) maidir leis na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe go léir.
|
|
Airteagal 44 1a.
|
Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann an próiseas seolta agus faighte sonraí na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2.
|
|
Airteagal 44 2.
|
Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh próisis chun sonraí a sheoladh agus a fháil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
|
|
Airteagal 44 2a.
|
Féadfaidh soláthraithe seirbhísí ríomhsheachadta cláraithe cáilithe teacht ar chomhaontú maidir le hidir-inoibritheacht idir na ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe cháilithe a sholáthraíonn siad. Le creat idir-inoibritheachta den sórt sin, comhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus dearbhóidh comhlacht measúnaithe comhréireachta comhlíonadh den sórt sin.
|
|
Airteagal 44 2b.
|
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha a bhunú agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta a bhunú le haghaidh an chreata idir-inoibritheachta dá dtagraítear i mír 2a den Airteagal seo. Beidh na sonraíochtaí teicniúla agus ábhar na gcaighdeán costéifeachtach agus comhréireach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0910
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|