+Airteagal 45a Bearta réamhchúraim cibearshlándála
---+Airteagal 45a 1.
---+Airteagal 45a 2.
---+Airteagal 45a 3.
---+Airteagal 45a 4.
|
Airteagal 45a Bearta réamhchúraim cibearshlándála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45a 1.
|
Ní dhéanfaidh soláthraithe brabhsálaithe gréasáin aon bheart atá contrártha dá n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 45, go háirithe na ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin a aithint agus na sonraí céannachta a sholáthraítear a thaispeáint ar bhealach soláimhsithe.
|
|
Airteagal 45a 2.
|
De mhaolú ar mhír 1 agus i gcás ábhair imní a bhfuil bunús leo a bhaineann le sáruithe slándála nó le caillteanas sláine deimhnithe shainaitheanta nó tacar deimhnithe, agus sa chás sin amháin, féadfaidh soláthraithe brabhsálaithe gréasáin bearta réamhchúraim a dhéanamh i ndáil leis an deimhniú sin nó leis an tacar deimhnithe sin.
|
|
Airteagal 45a 3.
|
I gcás ina ndéanann soláthraí brabhsálaithe gréasáin bearta réamhchúraim de bhun mhír 2, tabharfaidh soláthraí an bhrabhsálaí gréasáin fógra i scríbhinn, gan moill mhíchuí, faoina ábhair imní, in éineacht le tuairisc ar na bearta a rinneadh chun na hábhair imní sin a mhaolú, don Choimisiún, don chomhlacht inniúil maoirseachta, don eintiteas dár eisíodh an deimhniú agus don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a d’eisigh an deimhniú sin nó an tacar deimhnithe sin. Ar fhógra den sórt sin a fháil, eiseoidh an comhlacht inniúil maoirseachta admháil fála chuig soláthraí an bhrabhsálaí gréasáin atá i gceist.
|
|
Airteagal 45a 4.
|
Déanfaidh an comhlacht inniúil maoirseachta imscrúdú ar na saincheisteanna a ardaíodh san fhógra i gcomhréir le hAirteagal 46b(4), pointe (k). I gcás nach ndéantar stádas cáilithe an deimhnithe a tharraingt siar mar thoradh ar an imscrúdú sin, cuirfidh an comhlacht maoirseachta soláthraí an bhrabhsálaí gréasáin ar an eolas dá réir sin agus iarrfaidh sé ar an soláthraí sin deireadh a chur leis na bearta réamhchúraim dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0910
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|