|
+Airteagal 45j 1. |
Airteagal 45j 1.Comhlíonfaidh seirbhísí ríomhchartlannaithe cáilithe na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanann soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe iad a sholáthar;
(b)
úsáideann siad nósanna imeachta agus teicneolaíochtaí a bhfuil ar a gcumas marthanacht agus inléiteacht sonraí leictreonacha agus doiciméad leictreonach a áirithiú thar an tréimhse bhailíochta teicneolaíochta agus ar a laghad le linn na tréimhse caomhnaithe dlíthiúla nó conarthaí, agus a sláine agus cruinneas a dtionscnaimh á gcaomhnú an tráth céanna;
(c)
áirithíonn siad go gcaomhnaítear na sonraí leictreonacha sin agus na doiciméid leictreonacha sin ar bhealach ina ndéantar iad a chosaint ar chaillteanas agus ar athrú, cé is moite d’athruithe a bhaineann lena meán nó lena bhformáid leictreonach;
(d)
ceadaíonn siad do pháirtithe is úsáideoirí atá údaraithe tuarascáil a fháil ar bhealach uathoibrithe lena ndearbhaítear go dtoimhdítear, i gcás sonraí leictreonacha agus doiciméid leictreonacha arna n-aisghabháil ó ríomhchartlann cháilithe, sláine na sonraí sin ó thús na tréimhse caomhnaithe go dtí go n-aisghabhfar iad. Soláthrófar an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír ar bhealach iontaofa éifeachtúil agus beidh ríomhshíniú cáilithe nó ríomhshéala cáilithe sholáthraí na seirbhíse ríomhchartlannaithe cáilithe uirthi. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|