+Airteagal 46b Maoirseacht ar sheirbhísí iontaoibhe
---+Airteagal 46b 1.
---+Airteagal 46b 2.
---+Airteagal 46b 3.
---+Airteagal 46b 4.
---+Airteagal 46b 5.
---+Airteagal 46b 6.
---+Airteagal 46b 7.
|
Airteagal 46b Maoirseacht ar sheirbhísí iontaoibhe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 46b 1.
|
Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht maoirseachta arna bhunú ar a gcríoch, nó ainmneoidh siad, le comhaontú frithpháirteach le Ballstát eile, comhlacht maoirseachta atá bunaithe i mBallstát eile. Beidh an comhlacht maoirseachta sin freagrach as cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin a mhéid a bhaineann le seirbhísí iontaoibhe. Tabharfar do na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun na chéad fhomhíre na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a dhéanamh.
|
|
Airteagal 46b 2.
|
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha agus seoltaí a gcomhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun mhír 1 agus faoi aon athruithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí maoirseachta ar tugadh fógra ina leith.
|
|
Airteagal 46b 3.
|
Seo a leanas an ról a bheidh ag na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun mhír 1:
(a)
maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin agus a áirithiú, trí bhíthin gníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonann na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;
(b)
gníomhaíocht a dhéanamh, más gá, maidir le soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin, trí bhíthin gníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear ar an eolas iad nach gcomhlíonann na soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin nó na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
|
|
Airteagal 46b 4.
|
Ar na cúraimí atá ar an gcomhlacht maoirseachta arna ainmniú de bhun mhír 1, áireofar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
na húdaráis inniúla ábhartha arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 de chuid na mBallstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoi aon sáruithe suntasacha slándála nó aon chaillteanas sláine a dtagann siad ar an eolas fúthu agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus, i gcás sárú suntasach slándála nó caillteanas sláine a bhaineann le Ballstáit eile, an pointe teagmhála aonair arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2022/2555 de chuid an Bhallstáit lena mbaineann agus na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1) den Rialachán seo sna Ballstáit eile lena mbaineann a chur ar an eolas, agus an pobal a chur ar an eolas nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí iontaoibhe é sin a dhéanamh i gcás ina gcinneann an comhlacht maoirseachta gur chun leas an phobail é an sárú ar shlándáil nó an caillteanas sláine a nochtadh;
(b)
comhoibriú le comhlachtaí maoirseachta eile agus cúnamh a thabhairt dóibh i gcomhréir le hAirteagail 46c agus 46e;
(c)
anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus Airteagal 21(1);
(d)
a phríomhghníomhaíochtaí a thuairisciú chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;
(e)
iniúchtaí a dhéanamh nó iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 20(2);
(f)
comhoibriú leis na húdaráis inniúla mhaoirseachta arna mbunú de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe, trína gcur ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás ina ndealraíonn sé gur sáraíodh rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus faoi sháruithe slándála a ndealraíonn sé gur sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta iad;
(g)
an stádas cáilithe a dheonú do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí a sholáthraíonn siad agus an stádas sin a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21;
(h)
an comhlacht atá freagrach as an liosta iontaofa náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas maidir lena chinntí an stádas cáilithe a dheonú nó a tharraingt siar, murab é an comhlacht sin an comhlacht maoirseachta arna ainmniú de bhun mhír 1 den Airteagal seo freisin;
(i)
a fhíorú gurb ann d’fhorálacha maidir le pleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme mar is ceart i gcás ina gcuireann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe deireadh lena chuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear an chaoi a n-áirítear inrochtaineacht ar fhaisnéis, i gcomhréir le hAirteagal 24(2), pointe (h);
(j)
a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe aon mhainneachtain a leigheas a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh;
(k)
imscrúdú a dhéanamh ar éilimh a dhéanann soláthraithe brabhsálaithe gréasáin de bhun Airteagal 45a agus gníomhaíocht a dhéanamh más gá.
|
|
Airteagal 46b 5.
|
Féadfaidh na Ballstáit a chur de cheangal ar an gcomhlacht maoirseachta arna ainmniú de bhun mhír 1 bonneagar iontaoibhe a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 46b 6.
|
Faoin 31 Márta gach bliain, cuirfidh gach comhlacht maoirseachta arna ainmniú de bhun mhír 1 tuarascáil ar a phríomhghníomhaíochtaí le linn na bliana féilire roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha bliantúla sin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
|
|
Airteagal 46b 7.
|
Faoin 21 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún treoirlínte maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a bheith á ndéanamh ag na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun mhír 1, agus, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bunóidh sé na formáidí agus nósanna imeachta don tuarascáil dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0910
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|