|
+IARSCRÍBHINN II |
IARSCRÍBHINN II
IARSCRÍBHINN II CEANGLAIS MAIDIR LE GLÉASANNA CRUTHAITHE RÍOMHSHÍNITHE CÁILITHE 1. Áiritheoidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, trí bhíthin modhanna iomchuí teicniúla agus nós imeachta, an méid seo a leanas:
(a)
go ndéantar caomhnú réasúnta ar rúndacht na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe;
(b)
nach n-úsáidtear sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe ach aon uair amháin go praiticiúil;
(c)
nach féidir na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe, le cinnteacht réasúnta, a dhéanamh amach agus go bhfuil an síniú á chosaint go hiontaofa ar bhrionnú le teicneolaíocht atá ar fáil faoi láthair;
(d)
gur féidir leis an sínitheoir dlisteanach cosaint a dhéanamh le hiontaoibh ó úsáid pháirtithe eile ar na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe. 2. Ní athróidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe na sonraí a bheidh le síniú ná ní chuirfidh siad cosc leis na sonraí sin a chur i láthair an tsínitheora roimh an síniú. ▼M2 ————— 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|