|
+Airteagal 11 2. |
Airteagal 11 2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla an méid a leanas:
(a)
bealaí tuairiscithe seachtracha atá neamhspleách agus uathrialach a bhunú, chun faisnéis faoi sháruithe a fháil agus a láimhseáil;
(b)
admháil a thabhairt go pras, agus in aon chás laistigh de sheacht lá ón tuairisc a fháil, go bhfuarthas na tuairiscí sin, mura rud é gur iarr an duine tuairiscithe a mhalairt go sainráite nó go gcreideann an t-údarás inniúil go réasúnach go gcuirfí cosaint chéannacht an duine tuairiscithe i mbaol dá n-admhófaí go bhfuarthas an tuairisc;
(c)
bearta leantacha a dhéanamh go dícheallach maidir leis na tuairiscí;
(d)
aiseolas a sholáthar don duine tuairiscithe laistigh de thréimhse ama réasúnach nach faide ná 3 mhí, nó sé mhí i gcásanna a bhfuil údar cuí leo;
(e)
toradh críochnaitheach imscrúduithe a chuirtear ar bun mar gheall ar an tuairisciú a chur in iúl don duine tuairiscithe, i gcomhréir le nósanna imeachta dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta;
(f)
an fhaisnéis atá sa tuairisc a tharchur in am trátha chuig comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí inniúla de chuid an Aontais, de réir mar is iomchuí, le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|