|
+Airteagal 4 9. |
Airteagal 4 9.Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú agus chun comhsheasmhacht leis an tuairisciú a dhéanfar faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus leis na caighdeáin a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta a áirithiú, ullmhóidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, agus a riachtanais siúd á gcur san áireamh aige, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, ina sonrófar mionsonraí na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 5 den Airteagal seo maidir leis na cineálacha éagsúla IMUanna atá i gceist agus ina mbeidh an méid seo a leanas ar a laghad iontu:
(a)
na páirtithe in IMU agus, murab ionann iad, tairbhí na gceart agus na n-oibleagáidí a eascraíonn as;
(b)
an phríomhshuim; an t-airgeadra; na sócmhainní á n-úsáid mar chomhthaobhacht agus a gcineál, a gcáilíocht agus a luach; an modh a úsáidtear chun comhthaobhacht a sholáthar; an bhfuil comhthaobhacht ar fáil lena hathúsáid; i gcásanna ina bhfuil an chomhthaobhacht in-idirdhealaithe ó shócmhainní eile, má rinneadh í a athúsáid; aon athsholáthar comhthaobhachta a rinneadh, an ráta athcheannaigh, an táille iasachta nó an ráta iasachtaithe chorrlaigh; aon chaolchorrlach; an dáta luacha; an dáta aibíochta; an chéad dáta inghlaoite; agus deighleog an mhargaidh.
(c)
ag brath ar an gcineál IMU, mionsonraí maidir leis an méid seo a leanas:
(i)
comhthaobhacht in airgead tirim a ath-infheistiú;
(ii)
urrúis nó tráchtearraí atá á dtabhairt ar iasacht nó á bhfáil ar iasacht. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla sin á bhforbairt, cuirfidh ÚEUM san áireamh sainiúlachtaí teicniúla na linnte sócmhainní agus forálfaidh sé go bhféadfar sonraí comhthaobhachta leibhéil seasaimh a thuairisciú i gcás inarb iomchuí Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 13 Eanáir 2017. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|