|
+Airteagal 4 10. |
Airteagal 4 10.Chun coinníollacha aonfhoirmeacha chur i bhfeidhm do mhír 1 den Airteagal seo, agus a mhéid is indéanta, comhsheasmhacht leis an tuairisciú de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus comhchuibhiú formáidí idir stórtha trádála a áirithiú, forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, agus a riachtanais siúd á gcur san áireamh aige, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar formáid agus minicíocht na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 5 den Airteagal seo maidir leis na cineálacha éagsúla IMUanna atá i gceist. Áireofar san fhormáid sin, go háirithe:
(a)
aitheantóirí domhanda eintitis dhlítheanaigh (LEIanna), nó réamh-aitheantóirí domhanda eintitis dhlítheanaigh (réamh-LEIanna) go dtí go gcuirfear an Córas Domhanda Aitheantóirí Eintiteas Dlítheanach chun feidhme go hiomlán;
(b)
uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISINanna); agus
(c)
aitheantóirí uathúla trádála. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla sin á bhforbairt, tabharfaidh ÚEUM aird ar fhorbairtí idirnáisiúnta agus ar na caighdeáin a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda. Cuirfidh ÚEUM na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 13 Eanáir 2017. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|