+Airteagal 10 Clárú a tharraingt siar
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.

Airteagal 10 Clárú a tharraingt siar

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.

Gan dochar d’Airteagal 73 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfaidh ÚEUM clárú stóir trádála a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:

(a) 

tugann an stór trádála suas an clárú go sainráite nó níl sé tar éis aon seirbhísí a sholáthar le sé mhí anuas;

(b) 

ghnóthaigh an stór trádála an clárú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó trí mhodhanna neamhrialta eile;

(c) 

ní chomhlíonann an stór trádála a thuilleadh na coinníollacha faoinar cláraíodh é.

Airteagal 10 2.
Déanfaidh ÚEUM, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt don údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) faoi chinneadh clárú stóir trádála a tharraingt siar.
Airteagal 10 3.
Má mheasann an t-údarás inniúil i mBallstát ina soláthraíonn an stór trádála a sheirbhísí agus ina bhfuil sé i mbun a chuid gníomhaíochtaí gur comhlíonadh ceann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh sé iarraidh ar ÚEUM féachaint an bhfuil na coinníollacha maidir le clárú sin an stóir trádála a tharraingt siar comhlíonta. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan clárú an stóir trádála sin a tharraingt siar, luafaidh sé gach cúis lena chinneadh.
Airteagal 10 4.
Is é an t-údarás a ainmnítear faoi phointe (a) agus phointe (b) d’Airteagal 16(1) den Rialachán seo an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.